Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2017

Conas is Féidir leis an gColáiste Údar a Thabhairt leis na hArduithe do na hIarchéimithe?

Tá drochbhail anois ar chursaí airgeadais na mac léinn de bharr dímheas an choláiste ar na hiarchéimithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a tháinig na hiarchéimithe chuig Coláiste na Tríonóide sa bhliain 2014, is dócha go raibh siad ag ceapadh go raibh margadh mhaith i ndán dóibh. Ag an bpointe seo, bhíothas in ann cúrsa a dhéanamh san ollscoil seo gan costas ró-ard a thabhú i gcomparáid leis na hinstitiúidí eile.

Le gairid, méadaíodh na táillí trí nó ceithre fán gcéad le haghaidh achan cúrsa iarchéime do mhic léinn AE agus do scoláirí a thagann ón gcoigríoch. Tá ardú cúig fán gcéad tagtha ar tháillí don bhliain atá ag teacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ardú cúig déag fán gcéad feicthe ag mic léinn atá i mbun PhD a dhéanamh ón bhliain 2014 agus iad ag tosnú leis an gcéad bhliain sa Choláiste ceithre bliana ó shin.

Níl na táillí i roinn na healaíona, daonnachtaí agus eolaíochtaí shóisialta ach leath chomh daor leis na táillí sna dámha eile ach beidh tionchar mór ag an méadú seo toisc nach bhfuil an méid sin maoiniú ar fáil dóibh ar bhonn uilechoiteann. Tá cuid den taighde i nDámh na hEolaíochta maoinithe go hiomlán. Ar mhór-roinn na hEorpa, caitear le mic léinn PhD mar fhostaithe sna hollscoileanna agus íoctar cúiteamh leo mar thoradh.

ADVERTISEMENT

Braitheann na hollscoileanna ar mhic léinn iarchéime toisc go gcuireann siad leis an tseirbhís múinteoireachta san ollscoil mar haon leis an taighde a dhéanann siad. Cuireann sé sin le heispéireas na mac léinn agus cuidíonn sé leis an bhfeabhsú feidhmíochta sa rangú. Tá seans go mbeadh Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) ag dul i mbun agóide. Mar sin, is dócha go mbeadh aiféala ar na ndaoine a bhí mar chuid den phroiséas cinnteoireachta agus neamhaird déanta acu de staid airgeadais na mac léinn faoi láthair.

Is féidir leis an ollscoil na seanleithscéalta céanna a tharraingt anuas. Arís agus arís eile, déanann siad tagairt don infheistíocht maidir le seirbhísí agus eispéireas na mac léinn chun na daoine sin a cheansú. Ach, conas is féidir leo údar a thabhairt arís leis an méadú seo do scoláirí atá ag staidéar sa Choláiste i láthair na huaire.

Éireoidh na mic léinn tuirseach de bholscaireacht an choláiste sula i bhfad. Ní bheidh a fhios acu ó bhliain go chéile cén costas go díreach a bheadh ar na táillí. Tá drochbhail anois ar chúrsaí airgeadais na mac léinn sa tír seo cé gur thosaigh siad sa Choláiste thart fá ceithre bliana ó shin. Leiríonn sé dímheas orthu. Chun an fhrínne a rá, déanann siad i bhfad níos mó ná a gcion féin chun chur leis an gcaighdéan airgeadais agus múinteoireachta sa Choláiste.