In Focus
Oct 6, 2017

I nDomhan Corraitheach na hIriseoireachta, Tá Gluaiseacht Óg Nua ag Teacht Chun Cinn

Tá an ghlúin óg ag cinntiú nach mbeidh meath eile ar iriseoireacht trí mheán na Gaeilge sa todhchaí.

Philip McGuinnessEAGARTHOIR NA GAEILGE
blank
Sam McAllister for The University Times

Le roinnt blianta anuas, bhí pobal na Gaeilge cinéal buartha faoi stádas na hiriseoireachta sa tír. Tá Seachtain agus Foinse imithe anois agus níl nuachtán náisiúnta againn go fóill, scríofa trí mhéan na Gaeilge. Le gréasáin idirlíne nua, tá ceangal ag an nGaeilge ar líne leis an nglúin óg. Is bealach suimiúil é an iriseoireacht chun saghas teagmháil a bhúnú leis an tír ar fad. I réimse na hiriseoireachta, tá deis ann chun í a neartú agus tá an chuma ar an scéal go ndéanfaidh an glúin óg é sin le linn na blianta atá amach romhainn.

Tá sé ríshoiléir dúinn go bhfuil roinnt deacrachtaí fós ann. Le linn an tsamhraidh, chualamar faoi na fadhbanna atá ag iriseoirí ag Raidió na Gaeltachta agus iad ag éileamh go mbeadh comhionannas pá acu láithreach.Tá iriseoireacht trí mhéan na Gaeilge ag streachailt chomh maith le heaspa maoinithe ón rialtas agus le heaspa fostaithe mar thoradh. Bhí cinéal neamhchinnteacht ann agus muid imithe anois óna nuachtáin clóite. Bhí orainn ceist thabháchtach a chur orainn féin, an fiú é a bheith ag troid ar son thodhchaí na hiriseoireachta?

Mothaímid uilig Foinse is a léithéid uainn ach ní chiallaíonn sé sin go mbeadh meath iomlán i ndán d’iriseoireacht na Gaeilge. Níl ach Tuairisc.ie againn sa réimse náisiúnta, foilseachán atá an-dairíre agus dícheallach, a chaoimhníonn ard-chaighdéan Ghaeilge mar chuid de réimse na hiriseoireachta. Caithfear dul i dtaithí le cursaí chun teacht slán, chun maireachtáil agus tá súil ag an nglúin óg anois é seo a dhéanamh.

ADVERTISEMENT

De réir chosúlachta, tá na mic léínn sa tír seo agus i dTuaisceart na hÉireann réidh chun an ghluaiseacht nua seo a bhúnú agus a neartú. Baineann “An Dream Dearg” sa Tuaisceart úsáid as fógraí, agus sár-úsáid as na meáin shóisialta chun a chuid teachtaireachta a scaipeadh agus mar a luadh anuraidh sa The University Times, tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn níos díográisí fiú ná dream ar bith eile sa tír faoi stádas na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus sa sochaí go ginearálta.

Níl ach Tuairisc.ie againn sa réimse náisiúnta, foilseachán atá an-dairíre agus dícheallach, a chaoimhníonn ard-chaighdéan Ghaeilge mar chuid de réimse na hiriseoireachta

Tá páirt lárnach ag mic léinn na tíre. Tá an iriseoireacht mar phríomh-aidhm anois i measc na gCumann Gaelacha, a thugann deis do dhaoine a gcuid tuairimí a chur in iúl trí mheán na Gaeilge. Tá pobal níos leithne agus níos ilghnéithí acu ná ag aon uair eile riamh. Léiríonn siadsan an fhiúntas a bhaineann le hiriseoireacht trí mheán na Gaeilge, ó na meáin shóisialta agus go háirithe leis na nuachtáin curtha i gcló anois i neart ollscoileanna. Tá níos mó béime curtha anois ar chumarsáid scríofa, ar fhoilseacháin ardnósacha agus ar thuairimí na mac léinn a asbhaint agus a fhorbairt leis an nGaeilge.

Dar le Laoighseach Ní Choistealbha, Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), tá cuma níos dearfaí tagtha ar an scéal anois. “Ta réabhlóid nua ag teacht chun chinn, tchímid ar shuímh cosúil le Tuairisc.ie nó NÓS go bhfuil daoine ag dul i ngleic le chúrsaí reatha ar bhonn ghníomhach, ildánach atá ar fáil d’achan duine go furasta. Is ceart an saol a cheistiú, ach is ceart ar fad é an saol a cheistiú trí mheán na Gaeilge.”

Tá iriseoireacht trí mheán na Gaeilge ag iarraidh a bheith ar chomhchéim leis na príomh-nuachtáin sa tír. Tá meon níos éagsúla agus níos ilghnéithí ag an nglúin óg a chuireann béim ar dhíospóireacht ar an tsaoil chomhaimseartha agus faoi chursaí idirnáisiúnta ar bhealach spreagúil. Sna meáin thraidisiúnta, tá sé sin le feiceáil ar Raidió na Gaeltachta le cláracha ar nós Cormac ag a Cúig. Dirímid ár n-aird anois ar an saol comhaimseartha, ar shuimeanna éagsúla. Sin tionchar na n-óg, gan amhras.

Tá ról lárnach ag Tuairisc.ie i réimse na hiriseoireachta agus leiriú é seo ar an slí go bhfuil an iriseoireacht ag athrú ar bhonn náisiúnta. Cuireann siad nuacht, tuairimíocht, spórt agus cultúr na tíre in iúl dúinn ar bhealach taitneamhach agus gairmiúil. Tugadh le fios le déanaí gur thug 638,000 duine ar an iomlán ar shíomh gréasáin an nuachtáin le trí bliana anuas ó 2014. Tugann na hiriseoirí faoi na ceisteanna is práinní sa tír agus téann siad i ngleic chomh maith leis na daoine óga. Tá cuma thar a bheith gairmiúil ar a gcuid cumas scríobhneoireachta agus sin an rud a théann i gcion ormsa, thar aon rud eile.

Beidh aitheantas tugtha do na hiriseoirí nua seo ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Ta triúr fear and ceathrar bean ainmnithe don ghradam ag iad ag cur leis na meáin Gaeilge faoi láthair, ar RTÉ, BBC Thuaisceart Éireann agus ar TG4. ‘Réalta Óga na Bliana’ a bheidh á mbronnadh agus seans go mbeidh daoine eile ag leanúint leis an sár-obair seo go ceann na mblianta.

Tugann na hiriseoirí faoi na ceisteanna is práinní sa tír agus téann siad i ngleic chomh maith leis na daoine óga

Don chéad uair riamh, tá éagsúlacht le feiscint go soiléir san iriseoireacht trí mheán na Gaeilge. Tá an suíomh gréasáin NÓS, atá díríthe ar dhaoine óga, go mór chun tosaigh sa réabhlóid seo. Stíl agus leagan go hiomlán nua atá ann mar haon le cúrsaí reatha agus cultúrtha, a bheidh mar theimpléad b’fhéidir don ghlúin úr d’iriseoirí a bheidh ag teacht go luath.

Deir eagarthóir na hirise cultúrtha NÓS, Tomaí Ó Conghaile, go bhfuil sár-obair déanta go dtí seo ach go mbeidh dúshláin mór rompu sa todhchaí chun an cás seo a láidriú agus go bhfuil gá anois le hoiliúnt agus oideachas. “Is rud iontach é agus tá daoine óga ag croí na forbartha seo. Is é an dúshlán atá romhainn ná a chinntíu go leanann sé ar aghaidh”.

“Agus gan scríbhneoirí cruinne oilte, cé atá ag dul na hailt agus na scripteanna ar fad a sholáthar? Tá dul chun cinn déanta ach ní mór dúinn bheith ag breathnú chun tosaigh agus ag meas na riachtanas atá ag na meáin Ghaeilge chomh maith.”

Tá cor cinniúnach bainte amach againn is dócha. Tá meon thar a bheith éagsúil le brath i measc na n-óg. Tá gá anois le tuilleadh maoiniú, agus táthar ag súil leis go mbeidh an rialtas ag tabhairt aird ar an gcás seo.

Glactar leis go raibh an iriseoireacht i bponc ceart ar feadh cúpla bliain nuair a cuireadh stop leis na nuachtáin clóite. Cé go raibh roinnt deacrachtaí ann i dtosach báire, tá ról suntasach anois ag an nglúin óg san athbheochan seo, gan amhras, rud a thugann dearfacht agus misneach dúinn uile. Táimid ag dul i dtreo nua anois, ag díriú ár n-aird ar fhorbairtí nua dearfacha mar chuid de réimse na hiriseoireachta amach anseo.
.
Chun stádas naisiúnta na teanga a choinneáil beo, ní mór dúinn a bheith ag léamh agus ag cúiteamh trí mheán na Gaeilge, díreach mar a dhéanaimid i mBéarla. Tá i bhfad níos mó deiseanna san earnáil seo ag teacht ós ár gcomhair, le Tuairisc.ie, the Irish Times agus Conradh na Gaeilge mar aon leis na deiseanna atá ar fáil thar lear, sna hinstitiúdí Eorpacha ar mhór-roinn na hEorpa. Dar liom, tá athbheochan le feiceáil agus tá sampla maith á thabhairt againn don tír. Buanú teanga í a léamh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.