Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 15, 2017

Ní Féidir Aon Leithscéal a Dhéanamh ar an Dóigh a Chaithear le Mic Léinn i mBéal Feirste

Tá sé de dhualgas ar an gColáiste teacht ar réiteach láithreach agus na mic léinn seo i mBéal Feirste gan rochtain ar sheirbhísí tacaíochta an choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá fáillí á dhéanamh ag Coláiste na Tríonóide le blianta anuas ina cuid campas i mBéal Feirste. Chonaiceamar an cáineadh a rinne mic léinn is baill foirne an tseachtain seo. Tá na táillí chéanna á íoc ag na mic léinn seo agus mar sin, ba chóir go mbeidís in ann úsáid a bhaint as na seirbhísí tacaíochta, díreach mar a dhéanann na mic léinn ar champas i mBaile Átha Cliath. Caithfidh siad an fáillí seo a sheasamh mar haon leis an scoiteacht ón gColáiste ar fad.

Cúrsa iarchéime atá i gceist i mBéal Feirste agus bíonn ar na mic léinn fadhbanna ar nós an strus agus galair intinne a fhulaingt chomh maith leis an bpleanáil chun cinn atá á dhéanamh acu. Ach, níl siad in ann fiú úsáid a bhaint as na seirbhísí thuasluaite seo. Níl mórán de na mic léinn i mBaile Átha Cliath cinnte an ann dó i ndáiríre. Ní haon ionadh é mar sin go mbraitheann fórmhór na mic léinn is baill foirne scoite agus imeallaithe agus iad ag staidéar i mBéal Feirste.

Tagann cuid mhaith de na fiche mic léinn sa chúsa ó na Stáit Aontaithe agus tá siad tar éis an t-athrú a dhéanamh go dtí saol na mac léinn anseo in Éirinn. Ní saoránaigh de chuid an Aontas Eorpach iad na mic léinn seo ach oiread agus tá a gcuid taillí i bhfad níos airde ná na taillí do mhic léinn Éireannacha. Chun an fhrínne a insint, déanann an fhianaise seo a dhlisteanú gur chóir dóibh a bheith in ann úsáid a bhaint as sheirbhísí tacaíochta an choláiste ar nós an tSeirbhís Comhairleoireachta agus an tSeirbhís um Comhairleoireachta Gairmthreoracha.

ADVERTISEMENT

Tarraingíonn an méid seo go leor ceisteanna inphléite agus an Coláiste ag iarraidh naisc a chruthú le hollscoileanna eile ar an gcoigríoch. Éireoidh sé sin níos coitianta sa todhchaí agus níos mó daoine ag iarraidh a gcuid staidéar a dhéanamh ar líne nó ó chian. Tá naisc cruthaithe ag an gColáiste ag an bpointe seo le hinstitiúdí tríú leibhéal sa tSín, sa Vítneam, i Singeapór agus san India. Tá sé deacair ar an gColáiste seirbhísí a chur ar fáil do mhic léinn i dTuaisceart na hÉireann. Cad a bheadh na mic léinn seo timpeall na cruinne ag súil leis?

Ní fhéadann an Colaiste a mhaíomh nach raibh fhios aici cheana féin faoin gceist seo. Cuireadh an cúrsa ar bun sa bhliain 2005 agus rinneadh neamhshuim de ón mbliain seo ar aghaidh. Cúrsa tearcmhaoinithe a bhí ann chomh maith le linn na mblianta beaga anuas. Tá an fadhb tar éis dul in olcas anois agus bhí ar an aontas agus na mic léinn iad féin i mBéal Feirste iarracht a dhéanamh chun í a réiteach.