News
Oct 19, 2017

Oíche Dhorcha ar Bhealaí Éagsúla le Cailleadh Eile do Pheileadóirí Choláiste na Tríonóide

Cé go raibh iarracht den scoth déanta acu chun teacht ar ais sa chluiche, cur amú a bhí ann le 1-10 go 1-8 i bhfabhar IT Ceatharlach do fhoireann sinsearach na bhfear.

Muireann Nic CorcráinGAA Correspondent
blank
Muireann Nic Corcráin for The University Times

Ní raibh ádh ar thaobh Choláiste na Tríonóide agus iad ag imirt an dara babhta de chuid sraithchomórtas One tráthnóna Céadaoin, ag cailleadh in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Ceatharlach (IT Ceatharlach) gan bearna ach de dhá phointe eatarthu ag an deireadh. Cluiche lán le cártaí de gach dath a bhí ann, agus beirt seolta ón bpáirc, imreoir na Tríonóide san áireamh. Cluiche lán le fuinneamh agus spiorad a bhí ann, ach ní raibh an toradh i bhfabhar fir na Tríonóide, ag cur brú orthu bua a fháil ina gcluiche dheireanach don sraith.

Thosaigh IT Ceatharlach níos láidre, ag fáil pointe taobh istigh de cúpla soicind den chaitheamh isteach. Choiméad siad an-bhrú ar chosantóirí Choláiste na Tríonóide, cé go raibh cosantóir bhreise acu chun cúnamh a thabhairt, ag teacht síos an láir chun spás a oscailt suas chomh cóngarach agus is fhéidir den chúl. Rinne Coláiste na Tríonóide iarracht frithionsaí a dhéanamh orthu, le James Guinness ag déanamh ráibéail agus ag briseadh trí chosaint an fhreasúra. Faraor, cur amú a bhí i gceist de bharr an chic mhíchruinn agus liathróid iomrallach a bhí ann mar thoradh. Lean Coláiste na Tríonóide ar aghaidh ag coiméad brú ar thaobh Cheatharlach, le roinnt pas láimhe iontacha idir Keelan Beirne, Patrick Bohane agus Guinness, ach chuaigh an liathróid deireadh thar an taobhlíne agus seans eile caillte ag na fir. Faoi dheireadh, fuair Coláiste na Tríonóide a chéad scór den chluiche ó Beirne, ag taispéaint go raibh an fhoireann bhaile réidh don dúshlán a bhí os a gcomhair.

D’imir Ceatharlach ar bhealach an-chosantach, uaireanta le níos mó ná trí imreoir dhéag taobh thiar den liathróid. Thosaigh siad ag teacht aníos an pháirc arís, ach stoptar iad de bharr taicleáil den scoth ó Thadgh McGahern ag teacht amach ón gcúinne ag bualadh tosaí Ceatharlach. D’éirigh an cluiche níos cothroime i rith an chéad leithe, ach bhí an chéad cúl den cluiche tabhartha do Cheatharlach, tar éis liathróid ard isteach chuig an leath-tosaí agus é ag rith timpeall na cosanta chun an liathróid a chur ar chúl an líne. D’fhreagair Dylan Brady ar ais le pointe den scoth beagnach ón taobhlíne, agus ba bheag go raibh seans ag Coláiste na Tríonóide cúl a aimsiú dóibh féin ach bhí Ceatharlach in ann déiléail leis go héasca. Tháinig níos mó seansanna do Coláiste na Tríonóide cúl a fháíl, ach níor tháínig an toradh ceart as aon iarracht in aice leis an gcúl. Cé go raibh na tosaithe ag bogadh timpeall ag iarraidh an seilbh a choiméad, le imirt iontach le feicéail idir Eoin O’ Neill, Bohane agus Dara O’ Shea, imreoir a bhí le feicéail timpeall na páirce go léir, ní raibh ach trí phointe faighte acu ag teacht suas chun na briseadh, le scór leath-ama i bhfabhar Ceatharlach le 1-7 go 0-3 bainte amach acu.

ADVERTISEMENT

Bhí sé soiléir nuair a shéid an réiteoir an fheadóg arís go raibh Coláiste na Tríonóide ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar na botúin a bhí déanta acu sa chéad leath agus scóir a fháil chomh sciobtha agus ab fhéidir. Sheas Bohane suas chun an fhreagracht sin a thógáíl ar dtús, ag tógáil an chéad scóir den leath tar éis pas álainn a fháil ó na tosaithe mórthimpeall air. D’éirigh Coláiste na Tríonóide níos láidre agus níos cliste an t-am ar fad, ag bua na gciceanna saoire agus déanamh obair den scoth sna cúlaithe. Ba bheag go bhfuair Ceatharlach cúl eile, ach rinne Michael Shiel sábháil den scoth chun bheith cinnte nach mbeadh bearna níos mó idir na foirne ná mar a bhí cheana féin. Chuaigh an liathróid thíos an pháirc arís agus faoi dheireadh thóg Dylan Brady an seans chun cúl a aimsiú agus fuair sé scór iontach, an liathróid ag crith an líonadh agus lucht féachana na Tríonóide ag ceiliúradh ar an taobhlíne. D’fhan sé cothrom idir na foirne ar feadh tréimhse eile, le roinnt scóir ag teacht ón dá thaobh.

Ag teacht chun deireadh na cluiche, bhí an teannas idir Coláiste na Tríonóide agus Ceatharlach ag éirí níos soiléire, le roinnt troideanna beaga ag briseadh amach idir na himreoirí. Thug an réiteoir cárta dearg d’imreoir ó Cheatharlach agus é tar éis O’Neill a thógáil chun na talún. D’fhan sé sách ciúin ar feadh tamaillín, agus na fir ag díriú ar scóir a aimsiú. Bhí roinnt pasanna curtha isteach ó Beirne agus Guinness chun an line lán-tosaigh, ach bhí Ceatharlach in ann dul i ngleic leis go héasca toisc nár fhan aon duine i ndubh agus dearg istigh chun an sealbh a choiméad. Laghdaigh Coláiste na Tríonóide an bearna ar an scórchlár chuig dhá phointe de bharr cic saor a thóg Beirne. Ach bhí an meon dearfach millte nuair a bhí O’Neill seolta ón bpáirc de bharr dhá cárta buí a phiocadh suas tar éis a bheith greamaithe isteach i gcúpla bruíon le himreoirí an fhreasúra.

Shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach tar éis é sin, ag fágáil Coláiste na Tríonóide gan bua arís. Faraor, cuireann sé sin go leor brú ar na fir bua a fháil an chéad lá eile in aghaidh Ollscoil na Cathrach Bhaile Átha Cliath (DCU) ionas go mbeadh siad slán sabháilte sa roinn ina bhfuil siad. Le bagairt de chluiche íslithe ag éirí níos cóngaraí, ní mór dóibh bua a fháil thar cheann de ne foirne is láidre sa chomórtas.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.