Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 1, 2017

Tá Fearg agus Díomá ar na Mic Léinn. Tá Gá le Fóram Éigin Chun a gCuid Imní a Chur in Iúl

Léiríonn na fadhbanna atá ag na mic léinn ó roinn na ceimice nach raibh siad in ann a gcuid imní a chur in iúl.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a bhí grúpa de mhic léinn ón gcúrsa ceimice atá sa tríú bhliain ag streachailt lena gcuid sláinte intinne de bharr an t-ualach oibre atá ann agus gan cabhair ar bith ón scoil, bhí fonn orthu rud éigin a dhéanamh faoi. Chuir siad tuairisc isteach sa Scoil Ceimic a rinne mionanailís ar na caighdeáin arda atá curtha i bhfeidhm sa scoil. Fuarbhruite go maith a bhí daoine sa scoil fúthu.

Tá fadhbanna móra ann leis an gcuraclam sa scoil, de réir dealraimh. Ciallaíonn sé sin go mbíonn ar mhic léinn ón scoil seo níos mó oibre a dhéanamh ná daoine eile sa roinn chéanna agus iad ag déanamh staidéar ar an bhfisic nó an nanaeolaíocht. B’fhusa dul i ngleic le ceist mar seo. Tá an Tionscnamh Oideachas Coláiste na Tríonóide (TEP) ag iarraidh na difríochtaí thuasluaite, seanbhunaithe seo idir na hábhair éagsúla seo a réiteach.

Ach, tá fadhbanna níos soiléire ann maidir le cultúr agus éiteas. Dealraíonn sé dóibh nach bhfuil baill foirne an cholaiste ann chun cabhair a thabhairt dóibh nó nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh rath orthu. Tá sé níos deacra é seo a réiteach. Bhí orainn uilig aiseolas a thabhairt uair éigin maidir lenár gcuid cúrsaí agus ranganna. Níl sé sin oiriúnach ar bith chun aird a tharraingt ar gearáin níos tromchúisí. Níos minice ná a mhalairt, cuireann na daoine atá ag léamh an aiseolas seo go mór leis an bhfadhb atá ann.

ADVERTISEMENT

Sa bhliain 2015, léirigh tuairisc go raibh fadhb le 60 fán gcéad de mhic léinn ón gcúrsa cnáimhseachas leis an mbulaíocht. Rinneadh dúshaothrú orthu chomh maith le uaireanta fada oibre. Sa chás seo, bhí ar Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (TCDSU) tuairisc a chur ar bun iad féin.

Bhí ar mhic léinn stocaireacht a dhéanamh toisc nach raibh deis ar bith acu chun a gcuid tuairimí a chur chun tairbhe san ollscoil. Nuair atá ionadaíocht ag na mic léinn ar choistí éagsúla sna scoileanna, ní léir cad ab chóir dúinn a dhéanamh agus daoine ag lorg athruithe móra maidir le ionadaíocht ó thaobh dearcadh na mac léinn de. Fiú nuair atá na mic léinn iad féin nó Aontas na Mac Léinn ag leanúint leis an ngearán, níl aon chinnteacht dhaingean ann go dtabharfaidh na scoileanna aird air.

Ní bheadh ar an ngrúpa seo a chur ar bun dá mbeadh an chóras sa Choláiste ag feidhmiú i gceart. Tuairisc chomh fairsing atá i gceist a thugann na sonraí uilig dúinn maidir lena gcuid fadhbanna meabhairshláinte. Tá gá le fóram éigin san ollscoil a thabharfaidh deis do na mic léinn a gcuid imní a chur in iúl. Ba cheart go dtabharfaí aird ar eispéireas na mac léinn agus iad ag déanamh measúnú ar rath na hollscoile.