Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 5, 2017

Ba Chóir go mbeadh TCDSU ag Breathnú ar Chóras Nua an Aontais i Má Nuad

Is athrú mór é seo d’Aontas na Mac Léinn Má Nuad agus seans go mbeadh ceachtanna nua le foghlaim ag na hollscoileanna eile.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá córas ionadaíocha nua curtha i bhfeidhm ag Aontas na Mac Léinn Má Nuad (MSU) leis an gComhairle Acadúil agus Comhthionól na Mac Léinn. Ach, an bhfuil sé chun an bealach a réiteach agus eiseamláir a thabhairt do na hollscoileanna eile. Níl sé sin soiléir go fóill.

Tá siad ag iarraidh cursaí acadúla a scaradh ó chursaí faoi pholasaithe agus rialachas san aontas. Tá an aontas ag dul i ngleic leis an bhfadhb a bhíonn i gcónaí ag cur isteach ar na hionadaithe ar fud na tíre- na ceisteanna uilig a bhainistiú ar bhealach go díreach.

Beidh an tionól nua á stiúradh ag an gcathaoirleach cumasach, Jack Leahy. Beidh ionadaithe ó achan ceann de na rannóga, agus na próifíl dhéimeagrafacha. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar chursaí rialachas an aontais. Ligfidh an Comhairle Acadúil do na hionadaithe dul i ngleic le chursaí acadúla, a thugtar neamhaird orthu go rialta.

ADVERTISEMENT

Thar aon rud eile, tá cumhachtaí suntasacha ag an gcomhairle seo, chun nós imeachta tainsimh a chur ar bun agus cinntíonn sé go mbaineann na hoifigigh lánaimseartha is páirtaimseartha leibhéal sásúil amach i dtaca lena gcuid oibre.

Tá an cur chuige seanbhunaithe fós á úsáid ag Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (TCDSU). Tá roinnt mionleasuithe feicthe againn le himeacht na mblianta chun dul i ngleic le ceisteanna áitiúla a bhaineann leis an gColáiste agus tá maoirseacht ama acu chomh maith ionas nach mbeadh próiseas malltriallach acu i gcónaí. Tá cúid mhaith de na mac léinn ag iarraidh ceangal éigin a bhunú leis an aontas, i gcomparáid leis na hollscoileanna eile sa tír.

Tá Comhairle Acadúil curtha ar bun ag Choláiste na Tríonóide cheana féin ach is beag cumhacht atá aici i gcomparáid leis an ceann atá acu i Má Nuad. In ainneoin sin, bealach a bhí i gceist chun comhrá a bhunú leis na mic léinn agus dul i dteagmháil leo ar bhonn coitianta. Níl bunchloch bunreachtúil aici nó mandáid le dul i mbun oibre. Mar sin, ba dheacair dúinn a rá go mbeidís ar chomhcaighdeán leis an gcomhairle i Má Nuad. Má tharlaíonn an t-athbhreithniú bunreachtúil níos deireanaí sa bhliain, tá seans go dtabharfaidh an aontas níos mó cumhachtaí don chomhairle ionas go mbeadh tionchar acu ar pholaitíocht na mac léinn amach anseo.

Ba chiallmhar an mhaise d’Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide breathnú ar an méid a tharlóidh leis an gcóras nua a bheidh á chur i bhfeidhm ag Aontas na Mac Léinn Má Nuad. Is annamh a fheicimid athruithe mar seo maidir leis an eagrúchán. Bíonn ionadaithe nua ag tosnú achan bhliain agus is deacair dóibh go léir na leasuithe institiúideacha seo a chur i bhfeidhm. Ós rud é go mbeadh éifeacht ag an bhfeachtas seo agus ar an earnáil ar fad, inseoidh an aimsir.