Sport
Nov 16, 2017

Iománaí na Trionóide ar Slí na Glóire Agus Lad ag Súil le Craobh Comórtas Sraithe

Seachtain den scoth d’iománaithe Choláiste na Trionóide agus iad ag súil le Craobh na hÉireann tar éis bua láidir in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Átha Luain.

Muireann Nic CorcráinGAA Correspondent
blank
Donncha Butler

Tá imreoirí iomána Coláiste na Trionóide ag ceiliúradh an tseachtain seo tar éis bua a fháil Dé Luain le foireann na bhFreisir, agus arís Dé Céadaoin leis an bhfoireann Sinsear ag bogadh ar aghaidh i dtreo craobh an chomórtais sraithe le bua thar Institiúid Teicneolaíochta Átha Luain le scór 0-29 go 1-16 ag an deireadh i Seantrabh. Cluiche an-chóngarach a bhí I gceist, ach thaispeáin muintir na Trionóide go mbíonn obair chrua agus díograis tábhachtach chun tasc mar seo a dhéanamh. Chabhraigh Fionn O’ Riain Broin i dtaobh pucanna saora chun an scór-líne a mhéadú arís is arís eile, le roinnt scóir eile ag teacht ó dhaoine cosúil le Cian O’ Sullivan agus Johnny Walsh chun deireadh a chur le brionglóidí muintir Átha Luain.

Bhí a fhios ag gach éinne ar an taobhlíne go raibh jab deacair acu chun an bua a aimsiú, agus b’iad na cuairteoirí a fuair an chéad scór den chluiche le pointe deas díreach tar éis an chaithimh isteach. Ach tháinig imreoirí na Trionóide ar ais leis an bhfreagair is fearr, nuair a bhailigh Jack O’ Neill an sliotar suas agus chuir sé é thar an spota dubh. Bhí Átha Luain ag bagairt scór a thógáíl an t-am ar fad, ach rinne na cúlaithe obair den scoth chun é seo a laghdú, fiú nuair a tharraing Darragh O’ Donoghue a imreoir síos cóngarach don chúl. Thóg Átha Luain an phointe agus lean siad ar aghaidh. Bhí seans iontach ag O’ Riain Broin chun cúl a aimsiú é féin, faraor rinne an cúlbáire bloc ar an seans. Ach nuair a tháinig an sliotar amach, fuair O’ Sullivan an tseilbh agus chuir sé é thar a ghualainn ó bheagnach 55 slat agus díreach thar an mbarra trasnáin. Thosaigh Átha Luain ag troid ar ais, ag fáil cúl tar éis titim an tsliotair a fuair Eoin Skelly ón aer as a lámh agus thar an líne.

Níor stop foireann na Trionóide ag troid, ag taispéaint an smachta a bhí acu leis an sliotar, ag cur pointí ar an gclár de bharr imirt den scoth a bhí ag Johnny Walsh, a bhailigh liathróid deas ó Skelly chun pointe a fháil, agus nuair a rinne Cillian Heeney an rud céanna cúpla nóiméid tar éis é sin. Ach is léir do chách gur tháinig an scór is fearr sa chluiche leathshlí tríd an gcéad leath. Bhí go leor brú ar na cúlaithe agus tháinig O’ Sullivan ar ais chun cúnamh a thabhairt dóibh. Bhailigh sé an sliotar agus bhuail sé é chomh crua agus ard sin go ndeachaigh sé thar an trasnán ón líne 45 slat na Trionóide. Bhain lucht na Trionóide tomhaiste le gach liathróid a bhailigh siad, gan móran seansanna ag dul ar strae acu. Lean siad a aghaidh ag obair go dian sna cúlaithe, le Manus Malone, Cormac Keating agus Luke Corcoran ag tabhairt cúnamh lena chéile chun brú a chur ar tosaithe Átha Luain. Bhí sé soiléir sna nóiméid dheireanacha go raibh Coláiste na Trionóide ag troid níos déine, le Mark Corry ag tógáil scór dó féin agus O’Sullivan ag fáil scór den scoth ó uillinn cúng.

ADVERTISEMENT

Chríochnaigh Átha Luain an leath le pointe eile, ach bhí bearna mór le líonadh acu chun brú a chur ar lucht na Trionóide a bhí 0-14 go 1-8 chun tosaigh ag an mbriseadh.

Sa dara leath den chluiche, bhí cuma bhagrach ar fhoireann na Trionóide, ag taicleáil agus ag cur isteach ar an bhfoireann eile an t-am ar fad. Rinne Átha Luain cúpla botúin, ag tarraingt síos Skelly sa chearnóg agus ag bualadh O’ Sullivan trasna na lorga. Tháinig O’ Riain Broin thuas chuile uair agus chuir sé trí phointe déag thar an trasnán sa dara leath amháin. Bhí seans ag Átha Luain teach tar ais sa chluiche ach chuir siad sliotar den scoth ar strae. Ar an taobh eile den pháirc, ní raibh na maoir in ann aontú le chéile chun pointe eile a thabhairt do O’Riain Broin tar éís imirt den scoth idir Skelly, Eoghan McNamara agus an sliotar buailte chun tosaigh dó chun scór a thógáil.

Tháinig Átha Luain ar ais le scór iontacha nuair a rith an cúlaí láir síos an pháirc, ag flicéail an sliotar thar ceann Malone agus pointe deas a thógáil. D’fhreagair Johnny Walsh le scór iontach dó féin, tar éis pas foirfe a aimsiú ó Cian O’ Rian Broin ón líne leath-tosaí. Choiméad Átha Luain ag brú síos an pháirc, ag súil le laghdú a aimsiú i dtaobh na scór-líne de. Ach le hobair chrua ó ionadaí Ger Dempsey agus McNamara agus Malone ag déanamh na scileanna simplí, bheadh sé deacair ar na cuairteoirí scóranna a aimsiú. Bhí teannas le mothú idir an dá fhoireann, le roinnt troideanna beaga ag briseadh amach ar an bpáirc eatharthu. Thaispéain an réiteoir cárta dearg chuig O’Neill agus fear Átha Luain nuair a thosaigh an easaontú ag dul thar fóir.

Faoi dheireadh, shéid an réiteoir an fheadóg, ag cur fios ar gach duine go raibh an craobh sroichte ag Coláiste na Trionóide tar éis cath iontach. An rud a sheas amach do chách ná go raibh an paisean agus an díograis acu, níor thit na cinn ar chor ar bith agus lean siad ar aghaidh ag taispéaint cé chomh tomhaiste is a bhí siad. Sheasfaidh cluiche deacair mar sin dóibh agus iad ag súil leis an tsraith iomlán a bhuachaint i mbliana.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.