Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 5, 2017

TAP, Fiche Bhliain ar an Bhfód agus Córas CAO Lochtach

Is léir dúinn ón rath a bhí ar TAP cheana féin go bhfuil córas níos fearr ann chun slí isteach a fháil chuig an ardoideachas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Má táimid chun ceacht amháin a bhaint as an nuacht go bhfanann nócha fán gcéad do dhaoine a thagann isteach ar an gClár Rochtain na Tríonóide (TAP) sa Choláiste chun a gcuid céimeanna a chríochnú, is léir gur chóir dúinn deireadh a chur leis an gcreideamh neamhcheisteach atá againn sa LárOifig Iontrála (CAO).

Cosúil le neart institiúidí atá ag dul in aois, is minic a chuireann an marthantacht agus an neamhsheachrántacht mearbhall ar dhaoine. Nuair a chuir Coláiste na Tríonóide, stiúrtha ag Patrick Geoghegan tús le staidéar féidearthachta faoi phróiseas iontrálacha, chuir sé sin olc ar dhaoine i gcásanna. ‘Is muc ghuine iad na mic léinn seo’ a dúirt lucht an amhrais ag an am.

Bhí imní ar dhaoine maidir leis an tionscnamh seo. Cén fáth nach bhfuil an CAO- trédhearcach ar leibhéal amháin- ábalta an éagsúlacht a chinntiú sa chóras oideachais?

ADVERTISEMENT

Bhí an cheart ag Patrick Prendergast nuair a d’inis sé do Alan Rusbridger, Príomhoíde i Lady Margaret Hall in ollscoil Oxford gur “bhraith an iomarca daoine nach raibh siad oiriúnach do Choláiste na Tríonóide”. Mothaíonn neart daltaí méanscoile nach mbeadh seans ar bith acu spás a fháil san ollscoil in Éirinn.

Tá luach mhór bainteach leis na torthaí Ardteistiméireachta do mhic léinn sa tríú leibhéal, ag taispeáint do dhaoine go raibh rath orthu cheana féin ó thaobh na hacadúlachta de. Léiríonn an chóras TAP nach bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leo nuair a thosaíonn tú san ollscoil ar an leibhéal chéanna arís.

Ba dheacair dúinn a mhaoímh, i ndiaidh fiche bhliain, nach raibh sé ábalta mic léinn éirimiúla agus cumasacha a aimsiú a thugtar neamhaird orthu mar chuid den chóras CAO. Ach, ní chóras beagmhaitheasach é an CAO ach oiread, tá córais i bhfad níos measa ann. Ach, tá dearcadh réchúiseach le feiceáil a mhaíonn gur é sin an córas is cothroime atá ann.

Bhí Coláiste na Tríonóide ag breathnú ar na dúshláin a bhí rompu ag an am agus feicimid na buntaistí atá ag baint leis anois. Má bhí rath ar an tionscnamh, tá comhaontú ann gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh. Má ta Ollscoil Oxford ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an tionscadal seo, cén fáth nach mbeadh an CAO nó na hollscoileanna Éireannacha in ann leasuithe nua a chur i bhfeidhm? Dealraíonn sé anois go bhfuil sé in am dúinn smaoineamh ar an obair atá amach romhainn ag muid ag cur leis an tionscadal seo.