Comment & Analysis
Jan 5, 2018

Beidh ar Shinn Féin an Fharraige a Thaoscadh Maidir Leis an 8ú Leasú

Bíodh ag faire amach d’aighneas i measc polaiteoirí agus vótóirí san athbhliain.

Philip McGuinnessSCRÍBHEOIR FOIRNE SINSEARACH

Tá difríocht idir vótóirí Shinn Féin sa Tuaisceart agus na vótóirí atá ag an bpáirtí anseo i bPoblacht na hÉireann, go háirithe sna contaetha atá suite i bhfad ón teorainn. Léiríonn an Ard-Fheis i Mí na Samhna go bhfuil neamhchinnteacht áirithe ann sa phairtí.

Ach, anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag tabhairt tacaíocht do na moltaí ón gcoiste, foilsithe Dé Céadaoin, 20ú Nollaig. An mbeidh aighneas nó difríochtaí soiléire le feiceáil i measc a gcuid polaiteoirí agus vótóirí sa dhá áit agus an reifreann ag druidim linn?

Tá daoine ar nós Bríd Smith agus Clare Daly i mbéal an phobail le tamall anuas de bharr a gcuid tuairimí líobrálacha faoi ghinmhilleadh. Bíodh ag súil leis go mbeadh ról i bhfad níos leithne agus níos feiceálaí ag Shinn Féin sa díospóireacht seo ach is léir go bhfuil easaontas de chinéal éigin le braistint sa pháirtí.

ADVERTISEMENT

Bhí Jonathon O’Brien agus Louise Reilly ón bpairtí ar an gcoiste, curtha ar bun i Mí Aibreáin. Ni raibh siad i measc na ndaoine is liobrálaí ar an gcoiste, ní raibh siad sásta glacadh leis an nginmhilleadh i ngach aon cás ach oiread. Bhí an t-aighneas sin le feiscint ag an Ard-Fheis i Mí na Samhna i measc polaiteoirí agus vótóirí a bhfuil baint acu leis an bpáirtí.

Chualamar trácht cheana féin faoi bhulaíocht sa pháirtí agus d’éirigh cúpla comhairleoirí as a bpost go dtí seo. D’éirigh comhairleoir amháin ó Chontae Thiobraid Árann as i Mí Deireadh Fhómhair. Tá sé ráite ag daoine áirithe go bhfuil ‘cultúr den bhulaíocht’ á chruthú acu laistigh den pháirtí.

Tá ‘party-line’ acu anois agus is léir nach bhfuil gach éinne ar aon tuairim maidir leis an gceist conspóideach seo. Má dhírímid ár n-aird ar feadh tamaillín ar an Tuaisceart, bheadh an t-easaontas chéanna le feiceáil ansin.

De bharr na coimhlinte a bhí ann sa Tuaisceart ar feadh tríocha bhliain, bhí tuairimí níos coiméadaí ag na Caitlicigh in áiteanna cosúil le Doire nó Iarthar Bhéal Feirste. Tá tuairimí na ndaoine ag éirí níos crua anois toisc go bhfuil an dá pháirtí is mó sa Tuaisceart fós in adharc a chéile.

Conas is féidir leis an bpáirtí an fharraige sin a thaoscadh? Tá seans ann go leanfaidh siad leis an bpolasaí atá acu anois agus súil acu nach mbeidh tionchar ag an gcinneadh seo ar thorthaí na bpáirtíthe sa chéad olltoghchán eile.

Mar is eol dúinn, tá an DUP go hiomlán in éadan an ghinmhillte agus beidh siad go deo. Tá an fhéiniúlacht chomh tábhachtach anois sa Tuaisceart ná mar a bhí sé i bPoblacht na hÉireann sna caogaidí agus na seascaidí agus go háirithe i measc na seandaoine, tá tuairimí áirithe neadaithe go follasach sa chreatlach shóisialta.

D’fhéadfá a rá go bhfuil na páirtithe eile beagnach ar aon intinn maidir leis an gceist seo. Bíodh ag súil leis go mbeadh Sinn Féin go mór chun tosaigh sa ghluaiseacht seo. Tá roinnt scoilteanna le feiceáil anois maidir leis an ábhar seo don chéad uair. Ba dheacair don pháirtí an fharraige sin a thaoscadh ar dhá thaobh na teorann sna blianta atá romhainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.