Comment & Analysis
Jan 3, 2018

Deis í Bhliain na Gaeilge Chun Smaoineamh Siar agus Brú a Chur ar an Rialtas Arís

Ba chóir go mbeimís ag díriú ár n-aird ar an dúshlán tábhachtach atá romhainn agus muidne ag lorg maoiniú cuí agus cóir ón rialtas.

Philip McGuinnessScríbheoir Foirne Sinsearach

Beidh Bliain na Gaeilge á gceiliúradh againn an bhliain seo chugainn i 2018, 125 bhliain óna bhunaíodh Conradh na Gaeilge a chuir tús le hathbheochan na Gaeilge sa stát seo. Tá sé beartaithe ag breis is 70 ghrúpaí sa tír imeachtaí agus ceiliúradh de chineál éigin a chur ar siúl. Is dócha go mbeadh feachtas eagraithe ag an rialtas sa bhliain úr agus iad ag déanamh tagairt do thábhacht na hathbheochana ar stair na tíre agus ar spiorad phobail a bhunú i measc na n-Éireannach.

Ocáid mhór í Bliain na Gaeilge don chreatlach shóisialta a léiríonn an dul chun cinn a bhí ann maidir leis an teanga ag deireadh na 19ú haoise. Ba neamartach don rialtas gan rudaí fiú a lua faoi nó gan feachtas nó ceiliúradh a chur ar bun. Beifear ag súil leis go mbeadh clár lán d’imeachtaí eagraithe acu ach chun a bheith macánta faoi, nílimid ag dúil le mórán.

Ná déanaigí dearmad freisin go raibh ról fíor-thábhachtach ag an gColáiste seo sa ghluaiseacht thuasluaite ag tús na 20ú haoise. Bhunaigh iar-Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde ó Chontae Ros Comáin Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1907. Táimid fíor-bhródúil anois as an sár-obair a dhéanann an Cumann seo dúinn go léir i rith na bliana ach ní thugaimid an-aird ar na ceachtanna a thugann ár sinsir dúinn. B’fhéidir go gcuirfidh Bliain na Gaeilge i 2018 an méid sin i gcuimhne dúinn. Mar gheall ar sin, tá spás ag an deanga ag croílár an stáit de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na feachtais eile a chuireadh ar bun thar na blianta.

ADVERTISEMENT

B’fhéidir go mbeadh sé sin mar chuid de cheiliúradh na hÉigse i Mí Feabhra nó de Sheachtain na Gaeilge i Mí na Márta

Beimid ag ceiliúradh an ocáid seo anseo sa Choláiste díreach mar a rinne scóláirí an choláiste cúig bliana ó shin leis an Tóstal mar a thugtar ar an ócáid sa bhliain 2013. B’fhéidir go mbeadh sé sin mar chuid de cheiliúradh na hÉigse i Mí Feabhra nó de Sheachtain na Gaeilge i Mí na Márta. Tá láithreacht mhór ag an gCumann anois i measc na mac léinn ar champas agus déanann siad a ndícheall chun fáilte a chur roimh gach éinne idir Éireannaigh is scoláirí idirnáisiúnta.

Bhí rath ar Ghaelphobal na tíre cheana féin le hocáidí ar nós an Tóstal agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl go minic ar fud na tíre, cosúil leis an PopUp Gaeltacht. Cuireann sé gliondar orainn go bhfuil an spiorad agus an dearcadh oscailte seo fós á léiriú ag an gcumann agus é ag dul i dtreise ar bhonn naisiúnta chuile bhliain. Beidh cóisír de chinéal éigin againn chun an éacht sin a cheiliúradh ach ba chóir go mbeimís ag díriú ár n-aird ar an dúshlán mhór atá romhainn chun maoiniú cuí a lorg ón rialtas agus chun níos mó tacaíocht a fháil chomh maith ón ollscoil. Tá sé de dhánacht orainn chomh maith mar scoláirí an fód a sheasamh ar ár son féin.

Ar an 30ú de Mí na Samhna, fograíodh go raibh an rialtas chun Aire nua a cheapadh a bheadh i gceannas ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Glactar leis go raibh iarracht mhaith déanta ag Heather Humphreys agus gur oibrí is ionadaí dhíosgraiseach í ar son na teanga. Ceapadh Josepha Madigan ina haire le déanaí, duine nach bhfuil an Ghaeilge aici fós. Is dócha go mbeidh sí ag díriú isteach ar chursaí culturtha agus oidhreachta toisc go bhfuil an tAire-Stáit, Joe McHugh fós ann. Ach, ó Mí Éanair ar aghaidh, beidh uirthi íomhá díosgraiseach a chruthú di féin agus comhoibriú a chur ar bun leis na heagraíochtaí éagsúla a oibríonn ar son na teanga a agus bliain mhór rompu uilig i 2018.

Níl rud ar bith ráite nó foilsithe ag an rialtas go fóill faoi Bhliain na Gaeilge 2018. Tá sé soiléir dúinn go bhfuil athruithe móra ag tarlúint ag an am seo taobh istigh den roinn. Ar an dromchla, ba cheart go mbeidís ag tabhairt tús áite don sprioc seo san athbhliain. B’éigean don aire nua a bheith ar an eolas faoi ionas go dtuigeann sí go fíreannach tábhacht an chomóraidh.

Bhí neart daoine buartha faoin méid airgead a thug an rialtas don Ghaeilge sa bhuiséad i Mí Dheireadh Fhómhair

Bhí neart daoine buartha faoin méid airgead a thug an rialtas don Ghaeilge sa bhuiséad i Mí Dheireadh Fhómhair. Deirtear go mbeidh tréimhse de mharbhántacht i ndán di ó thaobh an mhaoinithe de le linn na mblianta atá romhainn. Cuireann sé i mbaol an dul chun cinn a tharla leis na blianta beaga le héileamh is airde riamh ar spásanna sna gaelscoileanna agus níos mó daoine ag baint triail as an nGaeilge ardleibhéil sna meánscoileanna. Údar dóchais atá ann faoi láthair ag leibhéal an phobail agus bá cheart go mbeimís ag baint lántairbhe as an méid seo. De réir cosúlachta agus an tóir atá ar na seirbhísí seo faoi láthair, beidh rath ar an ngluaiseacht seo amach anseo.

Tá súil againn go léir go dtabharfar níos mó deiseanna dúinn an bhliain seo chugainn chun úsáíd a bhaint as ár gcuid cumas labhartha go laethúil. Ionas go mbeadh ciall nó brí ag baint le Bliain na Gaeilge 2018, ba cheart go mbeadh sé ag tarlúint ar feadh an bhliain ar fad agus ag iarraidh daoine a mhealladh isteach ar shlí éigin. Ta gníomhartha buana agus tromchúiseacha ag teastáill san athbhliain.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.