Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 28, 2018

Ná Bí Meallta: Déanann an Coláiste Iarracht na Táillí Seo a Chur i bhFeidhm Go Minic

Is dallamullóg iad na argóintí seo ar son táillí mic léinn nua.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a sheas an Leas-Propast, Chris Morash, os comhair comhairle Aontais na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) an Máirt seo chaite, chuir sé moladh i láthair – moladh a chuirfeadh táillí athscrúdaithe i bhfeidhm – agus, ar an dromhchla, d’fhreagair sé na ceisteanna a ardaíodh.

Tar éis an tsaoil, tá easpa airgid ag an gColáiste, agus bheadh socrú níos fearr é seo ná na socraithe atá ann i coláistí eile mar UCD. Dhíol an Tríonóid an smaoineamh seo do mic léinn faoi bhrat ‘costais neodrach’, agus musclaíodh freagairt ceansa i bpobal an choláiste faoi rún a bhí mic léinn go dubh i gcoinne roimhe seo.

Bheadh na mic léinn saonta dá gceapfaidís nach raibh moltaí mar seo le cloisteál roimhe seo. Gach tríceathair bliain, tosaíonn an Tríonóid ag labhairt faoi táillí mic léinn – chomh minic go gceapfá go bhfuil dóchas acu go bhfuil sách mic léinn imithe ón gcoláiste agus nach bhfuil an díospóireacht cuimhnithe sa choláiste.

ADVERTISEMENT

I 2014, diúltaíodh moladh táillí athscrúdaithe i dteannta le táillí tosaithe agus táille ar chomharba ar chartaí mic léinn. Tar éis frithbheartaíocht dian ó Uachtaráin TCDSU ag an am, Domhnall McGlacken-Byrne ar Bhord an Choláiste, cuireadh an táille athscrúdaithe ar cheal – ach sleamhnaigh táillí eile isteach.

Ar ndóigh, an t-am seo cuirtear argóintí ar son an smaoineamh seo os ár gcomhair le cuma réasúnta orthu: bheadh teorainn táille ann do mhic léinn atá ag déanamh athscrúdaithe i roinnt ábhair, agus ní bheadh ar mhic léinn ach íoc as athdhéanamh an modúil a theip orthu; ní bheadh orthu íoc as an mbliain go leor. Ach is dallamullóg í seo: ní cheart do mhic léinn na táillí móra seo a ghlacadh, go háirithe ó Choláiste atá ag argóint go tréan ar son ardú táillí teagaisc agus scéim iasachta rialtais.

Ní dealraíonn sé go sroichfear comhaontú go luath, agus tá dochair ann go mbeidh sé ró-dhéanach chun dul i gcoinne an táille nuair a sroichtear comhaontú. Bheadh an athrú deacair, beagnach neamhfhéideartha, a mhalartú.

Thug an coláiste, tríd an Morashach plámásach, na hiarrachtaí téanndíola do mhic léinn, ag fáil a muinín go bhfuil siad ag feabhsú saol na mic léinn. Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé ag iarradh an dubh a chur ina gheall orainn.