Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 29, 2018

Níl Fadhb Dodhéanta í Fadhb Easpa na mBan atá ag TCDSU

Tá níos mó ná feachtais meáin sóisialta agus ceardlann ar éagsúlacht i gceannaireacht ón Aontas Mic Léinn chun an fhadhb a réiteach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dúradh an iomarca sna laethanta seo chaite faoin easpa na mban i dtoghcháin Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) atá ag druidim linn. Ag cruinniú comhairle an Aontais Dé Máirt seo chaite, thug an Oifigeach Oideachais, Alice MacPherson, óráid paiseanta faoin rún. Dúirt sí go mbeadh cabhair uaithi ó gach uile duine chun dul i ngleic an míchothroime struchtúrtha.

Cuirfeadh an cineál seo míchothroime éadochas ort. Léireadh an t-iliomad staidéir go bhfuil sé i bhfad níos deacaire do mná féinmhuiníneach, uaillmhianach a bheith aitheanta mar daoine taitneamhacha. Mar bharr ar an dhonais, deirtear go minic do mhná go bhfuil easpa bhuanna ceannaireachta acu – buanna a bhíonn doláimhsithe go rialta.

Tuairiscíonn mná go minic go gcreideann siad go mbeidh a ndeonacháin díluacháil agus nach tabharfar tascanna dóibh a thabharfadh deis dóibh a gcumas a chur i láthair.

ADVERTISEMENT

B’fhéidir go bhfuil cuma dodhéanta ar an iarracht chun tuilleadh mná a insealbhú i bpostanna sinsearacha i comhlachtaí Fortune 500 nó i gceannas ar rialtais. Ach, ar bhonn áitiúil, in aontas mic léinn, níl fadhb gan réiteach í. Tá feachtais meáin sóisíalta agus ceardlann ar éagsúlacht i gceannaireacht cabhrach, ach tá tuilleadh ó Aontas. Léiríonn taighde go mbíonn an iomarca meantóireacht agus easpa pátrúnach ag mná cumasach. Agus ní ábhar fánach é an difríocht idir an dhá rud. Is féidir leis an pátrún comhairle a thabhairt duit agus constaicí a bhogadh duit. Is féidir leo d’ainm a luaigh i gcruinnithe.

Bíonn siad do do spreagadh chun iarratas a chur isteach ar áit ar choiste, agus is féidir leo déan cinnte go gheobhaidh tú an áit. Is féidir leo na tascanna a thabhairt dóibh a thugann deis duit do chumas a léiriú.

I TCDSU, is iad na oifigigh sinsearacha a bhíonn in ann ról an pátrún a comhlíon. Cuir ceist ar roinnt do na mná (agus na fir) a bhain an leibhéal sin amach conas a éirigh siad tríd an aontais, agus insítear duit gur spreag duine éigean – duine mór le rá san aontas – iad agus gur thug an duine sin deis dóibh chun a chumas a chur i láthair. Tá tuilleadh pátrúin ó TCDSU.