Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 25, 2018

Ag Troid i gCoinne Chiapadh Gnéis agus ‘Nuacht Bhréagach’

Sa bhliain 2018, ní raibh Toghcháin d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide in ann éalú ó treocht na sochaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bíodh is go bhfuil dearmad á dhéanamh ar Thoghcháin na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, is iomaí an ní gur cóir dúinn machnamh a dhéanamh air. An Déardaoin a bhí ann nuair a cuireadh brú ar cheann de na hiarrthóirí tarraingt siar ón rás uachtaránachta toisc gur foilsíodh líomhnachais faoi chiapadh gnéis – ní raibh ach uaireanta i gceist sular osclaíodh boscaí ballóide. Is tamall fada í an tseachtain, mar a deirtear sa pholaitíocht.

Is cinnte gurb í seo an rud is conspóidí i measc na mac léinn i gColáiste na Tríonóide le blianta beaga anuas. Chomh maith leis sin, is cinnte go bhfuil baint aige seo le treocht na sochaí nuair a nochtaíodh an scannal faoi Weinstein sa New York Times i mí Dheireadh Fómhair. Is follas do chách go raibh go leor déistin inmhothaithe ann do Sean Ryan chun cur in iúl nach raibh an topaic seo chun dul i léig, fiú dá mbeadh an bua aige.

Ach tá déistin anuasal le braistint – déistin a bheifí ag súil go mbeadh campas na Tríonóide in ann a sheachaint. In ainneoin go ndéantar é go magúil – tá cúis ann go mbronntar an 47 acra is liobrálaí in Éirinn orainn. Dhá bhliain ó shin, bhrúigh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide ceardlanna toilithe ar an stáitse náisiúnta – tá an chuma ar an scéal gur rud comónta iad sa lá inniu.

ADVERTISEMENT

Is mór an díoma go raibh an méid sin daoine den tuairim go raibh cuspóirí ceillte i gceist le na líomháin. Ni hamháin go bhfuil sé díomach, cuireann sé masmas orm. Ansin, bhí an chaoi a raibh iarrthóirí, bainisteoirí feachtais, agus feachtasóirí sásta an téarma “nuacht bhréagach” a úsáid ar an speictream céanna de ghráin.

Cur mar seo é: Má tá ort tearmaíocht de chuid Donald Trump a úsáid mar chuid de d’fheachtas toghcháin – chun an daonlathas a chur de dhroim seoil, níl tú ag teastáil ó Aontas na Mac Léinn (TCDSU). Is féidir fogha a bhaint as na meáin agus is féidir fogha a bhaint as an gcaoi ar tuairiscíodh na líomháin. Ní fhéadfaí a shéanadh go bhfuil baint aige sin leis an daonlathas. Ach bíodh do chuid tuairimíochta féin agat. Ná cur adhastar leis an anró, ná cur leis na sean-nathanna seanchaite atá tar éis an bealach a phléitear polaitíocht sa 21ú aois a chur i sáinn.