Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 25, 2018

Níor Fiú an Phobalbreith an Rí-Rá

Chruthaigh pobalbreith neamhriachtanach tinneas cinn do TCDSU.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Níor chóir go mbeadh oíche áirimh neirbhíseach ag Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU). Ach bhí oíche neirbhíseach acu – agus ar feadh tamaillín dealraigh sé go gceadódh mic léinn arduithe táillí – agus ní ar mic léinn le easpa ciall agus an iomarca airgid a bhí an locht, ach ar iarracht seafóideach daonlathais díreach.

Ba cinneadh aisteach í an phobalbreith – de ghnáth, bíonn mic léinn in éadán arduithe táillí. Ach chuir an méid roghanna – a bhí casta go leor – brat mearbhaill ar vóta a bhí doiléir mar gheall ar an meascán aisteach na ceisteanna difriúl de billí modúl agus táillí athscrúduithe.

Ba uirlis ciotach í an phobalbreith chun meon na mac léinn a mheas, go háirithe nuair atá mic léinn eolach ar an strus agus imní a thagann go minic leis an saol i Tríonóid faoi scath an córais ard-oideachais neamhmaonaithe.

ADVERTISEMENT

Is sciath iontach iad vótaí na míllte mac léinn do TCDSU chun iad féin a chosaint ó cholg na Tríonóide, ach ba rí-rá neamhriachtanach é chun mic léinn a slógadh faoi rún a thabharfadh an chuid is mó dóibh tacaíocht dó ar aon nós.

Agus, siúd is go raibh an phobalbreith léiriú cumhachta don Choláiste, bhí fadhb mór ann gur cuireadh rogha simplí i láthair mar dúcheist casta chun bheith díchódaithe ag an toghlach.

Leis an botúin sin agus an cinneadh chun córas “first past the post” a chur i bhfeidhm, bhí baol ann go bhfeicfí an toradh is measa; toghlach trangláilte gan guth soiliéir in aghaidh táillí. Go hádhúil, chonaic mic léinn ciall sna laethanta deireanacha.

Tá cinneadh á dhéanamh ag an aontas anois. Gan dabht, séidfidh ar stoc, taispeáinfear an toradh do oifigí sinsearacha na Tríonóide agus eagrófar reifreann, chun an toradh a deimhniú. Ach más rud é go mbeadh troid dáiríre leis an gColáiste amach anseo, caithfidh mic léinn a bheith fiosrach faoin a seasamh.