Radius
Feb 15, 2018

Tugann Ambasadóir na Rúise Óráid don Chumann Gnóthaí Eachtracha

Cháin an ambasadóir na “ráflaí” scaipithe ag an bPártaí Daolathach i Meiriceá faoin nasc idir Trump agus an Rúis.

Malachi Ó MarcaighDeputy Irish Language Editor

Chuir Cumann Gnóthaí Eachtracha (SOFIA) fáilte roimh Yury Filatov, ambasadóir na Rúise go hÉireann, ar an 13ú lá de mhí Feabhra. Sheas rúnaí an chumainn, Pádraig Power, agus chuir sé an t-ambasadóir i láthair do scata daoine i léachtlann Ed Burke ag a leathuair tar éis a sé trathnóna. Thosaigh Yury Filatov lena chúlra féin. Sa bhliain 1979, cháiligh sé ó Institiúid na Gnóthaí Eachtracha i Moscó. Chaith sé seal ag staidéar thar lear in Washington agus d’oibrigh sé mar Mháistir na Searmanas ar son na Rúise do na Náisiúin Aontaithe sular bhog sé go hÉireann.

Dúirt sé go raibh gá le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus é ag labhairt faoi gnóthaí eachtracha na Rúise; agus is cinnte go bhfuil gá le coinníolacha fábharacha eachtracha ionas go gcuirfear feabhas ar choinníolacha inmhéanacha, dar leis. Creideann sé go bhfuil prionsabail choitinn idir Éire agus an Rúis: neodrachas, agus deireadh a chur le cogadh ina measc. Mhol sé an ról a imríonn na Náisiúin Aontaithe chun síochán a chinntiú.

Ach is beag ama a chaith sé sular thosaigh sé ag labhairt faoi na Stáit Aontaithe. Chaith sé aon bhliain déag ag obair sna Stáit Aontaithe – dúirt sé gur ré thar a bheith difriúil í seo i gcomparáid le blianta eile. Cháin Filatov an Páirtí Daonlathach as ucht ráflaí a scaipeadh mar gheall ar chlaonpháirteachas idir Trump agus an Rúis. Chomh maith leis sin, chuir sé i gcuimhne don lucht féachana go bhfuil sé níos riachtanaí ná riamh gaol maith a bheith idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis toisc go bhfuil diúracáin ag an da thír. Thug Filatov le fios go gcreideann sé go bhfuil gaol láidir idir an Rúis agus an Eoraip, in ainneoin na smachtbhannaí a chuir an Eoraip i bhfeidhm i gcoinne na Rúise.

ADVERTISEMENT

I ndiaidh 40 nóiméad, chuir sé deireadh lena chaint agus thug sé deis don lucht féachana ceisteanna a chuir air. Is iomaí an chonspóid atá ag baint leis an Rúis agus dá bhrí sin, bheifeá ag súil le ceisteanna conspóideacha chomh maith. Is beag an t-iontas gur cuireadh na gnáthcheisteanna faoin Rúis sa Mhéan-Oirthear agus an teannas idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe a eascraíonn as mar thoradh. Tháinig ceist eile faoi chomhghuaillí eacnamaíocha na Rúise agus an t-aontas atá eatarthu. Cuireadh ceisteanna practiciúla ar Filatov ar nós: an mbeadh cead ag saoránaigh na Rúise, vóta a chaiteamh i dtoghchán na Rúise, agus iad ina gcónaí in Éireann? Leag sé béim áirithe ar an gceist seo; ní hamháin go bhfuil cead acu, ach is cóir iarracht mhór a dhéanamh vóta a chaitheamh, dar leis.

Tháinig deireadh le na ceisteanna ag a hocht a chlog agus bhog an cumann agus an lucht féachana ar aghaidh go dtí Cafe En Seine chun bia agus soláistí saor in aisce a fháil.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.