Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 18, 2018

Ar na ‘Moltaí Malartacha’ do Táillí Athscrúduithe

Ní dhealraíonn sé go bhfuil cúis maith ann go gcaithfidh an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide a bheith costas-neodrach le gach casadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is deacair an smaoineamh go raibh rud tairbheach le feiceáil i gíog an Phropaist Patrick Predergast Dé Céadaoin a sheacaint.

Ach, tar éis an t-éirí amach na coicíse seo chaite, a raibh beagnach gan fasach, níl eolas dá laghad againn fós faoin “moltaí malartacha” atá á áireamh ag an gColáiste.

Dheimhnigh scigdhráma na táillí athscrúduithe rud éigin a raibh ar eolas again cheana féin: tá an Tríonóid i ngéibheann ag polasaithe a chaitheann le mic léinn mar chustaiméirí. Agus mar gheall ar sin, más rud é go gciallódh billí modúlacha go mbeadh roinnt mic léinn ag íocadh níos lú airgid, ba cheart go n-íocfadh mic léinn eile níos mó airgid.

ADVERTISEMENT

Ag cuimhniú an alltacht a bhí ar an Leas-Propast Chris Morash le linn an tseachtain seo chaite, is sábháilte a rá nach cheap sé go raibh aon rud mícheart leis an áireamh sin (agus b’féidir nach cheapann sé fós go raibh an áireamh mícheart).

Ach, níl abacas riachtanach chun tabhairt faoi deara nach bhfuil sin an réiteach aonraic, go háirithe nuair atáimid ag labhairt faoin intreoir de tréithe lárnach an Tionscnaimh Oideachais na Tríonóide.

Tá an tionscnamh fógraithe mar athshamlú bunúsach den chaoi a bhaineann an Coláiste a fheidhmeanna lárnach amach, agus ní dhealraíonn sé go bhfuil cúis maith ann go gcaithfidh an deisiú seo a bheith “costas-neodrach” le gach casadh. Ach, lig ort ar feadh nóiméad – ag cuimhniú an easpa maoinithe san earnáil – nach achmhainn don Choláiste airgead ar bith a chailleadh.

Bhí moladh ag Cathaorlach an Brainse na Tríonóide den Chónaidhm Eireannach de Múinteoirí Ollscoile, Dr John Walsh: cuir cúpla euro eile le costas ticéid an Taispeántais Leabhair Cheannanais.

Tá seans maith ann go mbeadh na daoine in Aonad Ioncaim Tráchtála na Tríonóide ag gáire ag an moladh seo. Tar éis an tsaoil, modródh gníomh mar sin na línte idir sruthanna ioncaim an Choláiste. Ach, mar a insítear dúinn go rialta – i ríomhphoisteanna ón gColáiste – go mbeidh ioncam ó gníomhaíocht tráchtála infheistithe chun “tacaíocht a thabhairt don aidhm acadúil an Choláiste”, dealraíonn sé go bhfuil ciall le moltaí Walsh.