Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 5, 2018

Nochtaíonn an Rangú Domhanda is Déanaí Níos Mó Ná Neamhionnanas Amháin

Is mór an difríocht atá idir na dána agus ETIM – ach is mó an difríocht atá ann idir ollscoileanna in Éireann agus sa Bhreatain.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí fonn ceiliúrtha le braistint i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo nuair a foilsíodh Rangú Domhanda Ollscoile QS, ag cur ceithre ábhar ón ollscoil i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan.

Is beag an t-iontas atá ag baint leis na hábhair iad féin – Béarla, na clasacaigh, an bhanaltracht agus polaitíocht – bíodh is go bhfuil tromlach an mhaoinithe ar ETIM, is ábhar machnaimh é go bhfuil ag éirí níos fearr leis na dána.

B’fhéidir gur theip ar ETIDM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealltóireacht, na dána agus matamaitic) de bharr droch-mhargú, ach is follas dúinn ar fad gur sleamhnaigh an bhéim ar ETIM isteach inár gcoinsias comónta agus polaitiúil. Níl rath sna Rangú chun maoiniú a chinntiú do na dána.

ADVERTISEMENT

Ach d’fhéadfaí ceistiú cad go díreach a bhí á ceiliúreadh i gColáiste na Tríonóide. Ag scríobh san Financial Times an tseachtain seo caite, scríobh Leas-Seansailéir Oxford, Louise Richardson, gur mór an formad atá ag an cuid eile den domhan d’ollscoileanna ón Ríocht Aontaithe, fiú má tá cáiríneacht pholaitiúil ag baint leis. Níl sí mícheart. Dealraíonn an Rangú pictiúr deas do thír atá cliú agus cáil ag baint lei as ucht a bheith as tabhair tamach faoina -n-ollscoileanna féin. Tá an Ríocht Aontaithe i mbun na n-ollscoileanna is fearr ar domhan i 10 ábhar agus le ar a laghad coláiste amháin rangaithe sna trí institiúid is fearr ar domhan i 32 as 48 ábhar.

Is deacair a shéanadh go mbánaíonn rannóg ard-oideachas na hÉireann – agus éachtanna an choláiste seo – nuair a chuirtear iad i gcomparáid leis an Ríocht Aontaithe. Ní féidir leis an mBéarla fiú – an t-ábhar den chaighdéan is airde sa choláiste – dul in iomaíocht leis na coláistí is fearr sa Ríocht Aontaithe.

Cuirfidh Propast Patrick Prendergast agus Cumann na n-Ollscoileanna Éireannacha an locht ar easpa maoinithe, an cath ar son féinrialach agus na cluasa bodhra i dTeach Laighean – ní féidir leo dul in iomaíocht le hollscoileanna na Breataine atá tacaithe le táillí de luach £9,000.

Ach tá deis anseo don choláiste seo agus d’ollscoileanna eile na tíre. Bíodh is nach bhfuil tionchar an Bhreatimeachta le braistint go fóill, tá baill foirne neamhshocair. Ar feadh cúpla bliain eile, beidh an seans ag ollscoileanna Éireannacha an lucht léinn a mhealladh trasna na farraige ar mhaithe le feabhas a chur ar Rangú atá ag dul in olcas. Déanfaidh bréagchróacht Rangaithe cúis i saol acadúil atá faoi bhagairt ag easpa maoinithe agus meanma íseal i measc ball foirne.