Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 25, 2018

Tóg an Tríonóid Ar Ais, Smál ar Oidhreacht an Phropaist

Is íosphointe i sealbhaíocht oifige Patrick Prendergast iad na hagóidí ón mí seo caite.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is deacair a thuar an mbeidh torthaí buana ag an bhfeachtas Tóg Tríonóid ar ais ar an ardoideachas in Éirinn. Ach is follas do chách go bhfágfaidh na hagóidí smál doscriosta ar shealbhaíocht oifige an Phropaist Patrick Prendergast.

Thug an Bord Eagarthóireachta faoi ndeara cheana féin go ndéanfaidh a chath craiceáilte i gcoinne rangaithe ísil sainiú ar a oidhreacht mar Phropaist.

An tseachtain seo chuaigh Prendergast i ndáil chomhairle le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide i dTeach a Sé, umhlaithe ó na hagóidí, ón áitíocht agus ó na hionsaithe ar na meáin shóisialta. Is meabhrúchán í an íomhá seo do chumas na Tríonóide botún a athrú isteach ina ghéarchéim ollmhór.

ADVERTISEMENT

Chuir an freagra ar fhearg na mac léinn brú ar Prendergast – a bhfuil cáil air de bharr a chur chuige anúdarásach do pholaitíocht an champais – dul i mbun pragmatachais annaimh de chinéal éigin. Ar feadh cúpla bliain anois, bhain Prendergast cumhacht ó Bhord an Choláiste, an áit ar suíonn ionadaithe na mac léinn, agus níl sé tar éis dul i ngleic le buarthaí na mac léinn ach ar bhonn fánach. Más uasphointe é dífheistiú, tá chuma thar a bheith éadoimhne ar chuairt an Phropaist ar fheis gníomhaíochais Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide dhá bhliain ó shin.

I ndáiríre, bhí aidhmeanna Prendergast soiléir sé bliana ó shin nuair a rith sé i gcomhair Propast. Nuair nach ndearnadh iarracht ar bith vóta na mac léinn a mhealladh, chaith sé le mic léinn amhail is gur constaicí iad a bhfuil gá an t-áth a fháil orthu, seachas grúpa sainleasa ar cóir éisteacht leo.

Is í seo an chúis gur seachtain urghnách í an tseachtain seo caite. Tá seans ann go bhfuil Prendergast tar éis a intinn a athrú maidir le cinnteacht táillí – sprioc-éileamh ó Aontas na Céimithe – tugann seo le fios go bhfuil deis ann comharthaí síochánta eile a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, is comhartha é nach bhfuil guth na mac léinn á bhrú chuig na taobhlínte den chéad uair riamh ina shealbhaíocht oifige.

Léiríonn an chaoi gurb é Prendergast é féin atá i mbun na gcainteanna le na mac léinn go bhfuil tuaiplis ollmhór déanta ag a chéadleifteanant. Is dócha gur shíl Prendergast gur rogha chríonna a bhí ann chun an Leas-Propast Chris Morash a chur i gceannas ar tháillí forlíontacha do scrúdaithe a thabhairt isteach toisc go bhfuil clú air mar fhear a thuigeann na mic léinn, mar fhear atá tar éis sluaite de mhic léinn a stiúradh ag léirsithe, agus a fuair ardmholadh mar léachtóir. Cé chomh mícheart a bhí sé.