Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 18, 2018

‘Tóg an Tríonóid ar ais’, an Seanrá Nach Bhfuil an Coláiste In Ann Neamhaird a Dhéanamh De

Is coláiste é seo atá tar éis ollscoil a díol nach n-aithníonn an chuid is mó de mhac léinn rófhada.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ghéill Coláiste na Tríonóide do bhrú leanúnach ar oíche Chéadaoin. Ar an Déardaoin d’fhógair mic léinn an choláiste bua de chineál éigin.

Ba náire ollmhór é an cinneadh táillí breise do scrúdaithe a thabhairt isteach agus ba náire eile é an feachtas ina gcoinne do choláiste atá tar éis na blianta a chaitheamh chun íomhá phoiblí a mhúnlú. Ba mea culpa é tvuít an phropaist Patrick Prendergast ar oíche Chéadaoin ach tugadh suntas do mar thoradh ar chomharthaí roimhe seo a léirigh gur chreid an coláiste go raibh fearg na mac léinn dírithe ar an áit mhícheart.

Rinne Prendergast tuar go mbeadh táillí agus tráchtálú mar an todhchaí. Braitheann sin thar a bheith soineanta anois. Fillfidh ceisteanna arís is arís faoin gcaoi a raibh éinne in ann mhothú gur smaoineamh maith é seo. Tiocfaidh na ceisteanna seo chun buaice nuair a dhéanfar an cinneadh más féidir seasamh an Leas-Phropaist Chris Morash a chosaint.

ADVERTISEMENT

Ar feadh na gcianta, dhíol Tríonóide stair an choláiste chun a todhchaí a mhaoiniú. Fad is a bhí mic léinn ag casaoid faoi seomraí ranga fuara agus liostaí feithimh fada do chomhairleoireacht, thug Prendergast geallúint do thodhchaí lán le féidearthachta. Ach is annamh a bhí mic léinn mar a lucht féachana. Nuair a lorgaíonn mic léinn breis maoiniú, cuireann sé locht ar an rialtas. Nuair a dhéantar gearán faoi easpa spáis do mhic léinn, freagraítear an gearán le modhanna tráchtála. Ach níl feabhas tar éis teacht ar an scéal. Ba é an léiriú is deanaí gur coláiste é seo atá tar éis ollscoil a fhógairt nach n-aithníonn an chuid is mó de mhic léinn. Nuair a sheol an coláiste gíog ar an Déardaoin ag rá go raibh na hagóidí ag teach chun deiridh – fad is a bhí na céadta mac léinn i gCearnóg Thosaigh.

Is í seo an chúis gur cóir go gcuimhneofar ar an tseachtain seo mar cheann de na cinn is measa i sealbhaíocht oifige an Phropaist. Thug an feachtas Tóg an Tríonóid ar ais buille d’uaillmhianta tráchtálú an choláiste le hagóidí, le háitíocht agus le bealach cliste chun bá náisiúnta a mhúscailt. Tá moladh tuillte ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) agus na mic léinn ar fad a bhí baint acu leis an bhfeachtas. Tar éis don choláiste an bob a bhualadh orthu, chruthaigh an t-aontas go bhfuil go leor clisteachta acu chun ceannairc a stiúradh. Is ábhar shásaimh é cúlú neamhullmhaithe an choláiste agus is milse an bua do mhic léinn agus baill foirne dá bharr.

Beidh cathanna eile le teacht agus níl deireadh tagtha leis an ngéarchéim maoinithe d’ardoideachas. Ach leagadh comhartha síos – is seanrá anois é “Tóg an Tríonóid ar ais” nach bhfuil an coláiste in ann neamhaird a dhéanamh de.