Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 1, 2018

Ag Aistriú na Feirge ón Triail i mBéal Feirste go Gníomhaíocht Pholaitiúil

Má mhúscail an cinneadh ar Dé Céadaoin cuthach ionat, déan cinnte go n-athraíonn an córas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I scríobhnóireacht aighneasach faoin atmaisféar polaitiúil i láthair na huaire, is minic a chuirtear locht ar ghlúin a bhreathnaíonn ar an stair mar sraith de réabhlóidí, stailceanna, agóidí, agus éirithe amach. Is glúin í seo a dhéanann aislingiú ar cheannairc gan aon aidhmeanna polaitiúila acu.

Ina leabhar, The Once and Future Liberal, áitíonn an staraí Mark Lilla go bhfuil dearmad déanta ag lucht na heite chlé gur riachtanas é “obair chrua” ag leibhéil éagsúla sa rialtas chun dul chun cinn polaitiúil a bhaint amach. “Ní éireoidh le hagóidíocht nó le feachtasaíocht”, dar leis. “Níl níos mó máirséalacha ag teastáil uainn.”

Díríonn an chuid is mó dá anailís ar liobrálachas sna Stáit Aontaithe ach is anailís mhíchruinn atá ann. Is iad na feachtasóirí LADT (LGBT) a bhí i gceannas ar na máirseálacha bróid sna Stáit Aontaithe na feachtasóirí céanna a rith mar ionadaithe chun an pósadh comhghnéis a chur sa dlí i 37 stát. Chomh maith leis sin, sheas siad os comhair na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 2015, nuair a tháinig an pósadh comhghnéis i bhfeidhm don tír ar fad mar thoradh ar Obergefell v Hodges.

ADVERTISEMENT

Níl baint dhíreach ag a argóint le hÉire. Chonaic na feachtasóirí don phósadh comhghnéis in Éirinn na máirseálacha mar mhodh chun críoch a bhaint amach, bíodh an chríoch sin reachtach nó bunreachtúil. Is níos mó ná gríosóirí iad na daoine a mháirseálann ar son na haisghairme, is gníomhaithe polaitiúla iad atá ag iarraidh aisghair a dhéanamh ar an ochtú leasú. Bhí aidhmeanna polaitiúla faoi leith ag an dream a rinne áitíocht ar Fhoirgneamh an Phroinntí.

Ach is cinnte go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hargóint Lilla. Ba chóir go ndéanfaimid iarracht ár bhfearg a aistriú go gníomh i ndiaidh an triail éignithe i mBéal Feirste. Is céim chun tosaigh iad na slógaí #IBelieveHer. Ach is gá an aire seo a thiontú go gníomhaíocht pholaitiúil. Is é athrú reachtach an t-aon leigheas atá ar chóras dlí choiriúil a chuireann bac ar íospartaigh coireanna gnéis a thuairisciú.

Bíodh is go gcloiseann sé thar a bheith ídéalach, beidh cuid de na daoine sa choláiste seo mar bhreithimh amach anseo. Má mhúscail an cinneadh ar Dé Céadaoin mire ionat, bí cinnte go n-athraíonn an córas. Má chuireann an córas isteach ort, tóg ceannasaíocht air.