Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 15, 2018

An Casadh Is Déanaí i Scéal Maoinithe Ard-Oideachais

Is léir ón caint faoi anailís eacnamaíoch treoraithe ag ranna go mbeimid ag fanacht ar feadh tamaill fada roimh a bhfaighimid cinneadh maoinithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá drochseans ann go mbeidh cinneadh faoin maoiniú tríú-leibhéal déanta roimh an gcéad toghchán ginearálta eile.

Beidh anailís eacnamaíoch den trí rogha luaithe i dtuairisc Cassells, iarrtha ag an gcomhairle agus curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais, ag tarlú anois, a thuairiscigh an Irish Times i rith na seachtaine. Mar a dúirt Richard Bruton, “tá sé dodhéanta ag an bpointe seo amscála a thabhairt do chomhlíonadh an tionscnaimh.”

Is casadh díomách é i scéal maoinithe ard-oideachais in Éireann. D’inis Mary Mitchell O’Connor leis an University Times níos luaithe sa bhliain nach raibh fhios ar bith aici cathain a dhéanfar moladh ó Chomhairle Oideachais agus Scilleanna an Oireachtais. Is léir ó nuacht na seachtaine go bhfuil ámscála soiléir againne: tar éis toghchán ginearálta eile.

ADVERTISEMENT

Rinne an comhairle céard atá daoine ag súil leis: mhoill sí an próiseas cinnidh aguss chuir sí an maoiniú tríú-leibhéal ar bhealach reachtacha níos faide. Dealraíonn sé, le caidreamh muiníne agus soláthair faoi bhrú an sceipteachais agus na mífhoighne, gur fhearr leis an dhá páirtithe dul tríd toghchán ginearálta gan cinneadh ard-oideachais poitéinsiúil nach thaitneodh go mór leis an lucht vótála.

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo cheana féin faoin táimhe atá ag an Oireachtas faoin gceist. Dar leis an Taoiseach Leo Varadkar, ní chuirfidh scéim iasachta mar atá ag an Ríocht Aontaithe nó na Stáit Aontaithe i bhfeidhm, agus labhraíonn Fianna Fáil go minic faoin sceipteachas atá acu do iasachtaí mic léinn ag gach casadh.

Ach cuireadh dallamullóg orainne faoin gá géar don forbairt. An bhliain seo chaite, mhol urlabhraí Fianna Fáil Thomas Byrne go raibh drochseans ann go sroichfeadh comhaontú . Chruthaíodh an éadóchas sin inniu leis an gcomhairle ag tabhairt an cheist ar ais don Roinn Oideachais. Tá an easpa forbairt níos seafóidí nuair a breathnaíonn tú ar an tuairisc mórthaibhseach Cassells. Mhol saineolaithe idirnáisiúnta é mar gheall ar an anailís cohmtháite atá ann.

Caithfidh mic léinn agus lucht foirne an Choláiste a n-ionchais a laghdú agus a bheith ullmhaithe do míosa fada stocaireachta.