News
Apr 24, 2018

Áthas agus Aoibhneas do Bhuaiteoirí an Chomórtais ‘Aistritheoirí Óga’

Bhronn an tAire Stáit sa Roinn Chultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta, Joe McHugh, duaiseanna do bhuaiteoirí an chéad chomórtais aistritheoireachta do Ghaelscoileanna na tíre.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir Na Gaeilge

Bhí searmanas bronnta ar siúl do bhuaiteoirí an chomórtais “Aistritheoirí Óga” i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt, an 24ú lá de mhí Aibreáin. Bhronn an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh a nduaiseanna ar na buaiteoirí.

Bhí an comórtas á stiúradh ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta agus ag an gCoimisiún Eorpach do Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta ar an gcéad lá de mhí na Nollag 2017. Bhí ar dhaltaí dhá théacs difriúla a aistriú, ceann ó Bhéarla go Gaeilge, agus ansin ceann ó teanga Eorpach eile go Gaeilge. Seoladh na téacsanna, a raibh méid A4 orthu, chuig na scoileanna éagsúla ar lá an chomórtais agus bhí 90 nóiméad do gach tasc. Ba é “Daoine Óga ag cuidiú leis an Eoraip” téama na téacsanna.

Tá sé earnáil éagsúla sa chomórtas, ceann le haghaidh gach cúige, ceann don aistritheoir is fearr, agus ceann don aistriúchán is fearr go Gaeilge ó teanga seachas an Béarla. Cuireadh an comórtas ar fáil do dhaltaí a ndéantar teagasc orthu thrí mhéan na Gaeilge agus a bhí cúig bliana déag d’aois nó níos sine ó thús mí Mhéain Fhómhair 2017. Ghlac 55 dalta páirt sa chomórtas ó 26 scoil éagsúil.

ADVERTISEMENT

Is iad seo na buaiteoirí: Don aistriúchán is fearr i gCúige Chonnacht: Brian Mac Donncha, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Contae na Gaillimhe. Don aistriúchán is fearr i gCúige Uladh: Tuán Ó Ruanaidh, Coláiste Feirste, Contae Aontroma. Don aistriúchán is fearr i gCúige Laighean: Síle Ní Mhurchú, Coláiste Íosagáin, Contae Bhaile Átha Cliath. Don aistriúchán is fearr i gCúige Mumhan: Mollie Ní Loibhéad, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí. Don aistriúchán is fearr ar theanga Eorpach (An Fhraincis): Alison Nic Giolla Bhríde, Coláiste Oiriall, Contae Mhuineacháin. Don aistriúchán is fearr in Éirinn: Mollie Ní Loibhéad, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí

Luaigh Joe McHugh go raibh an rialtas ag obair go dian in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach ionas go bhfuil go leor daoine le scileanna aistriúcháin láidre chun riachtanais institiúdí an Aontais Eorpaigh a shásamh. Dúirt McHugh go raibh an comórtas mar chuid de sraith tionscamh atá á reachtáil ag an rialtas chun eolas a chur ar fáil do dhaltaí meánscoile faoi na féidireachtaí a bhaineann leis an aistriúcháin. Fógraíodh an comórtas i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Chomh maith leis sin, ghabh an tAire buíochas leis an gCoimisiún Eorpach as ucht a chuid oibre.

Bhí Colmcille Ó Monacháin, an Príomhfheidhmeannach d’Aistriúchán na Gaeilge san Aontas Eorpach i láthair ag an mbronnadh chomh maith. Thug Ó Monacháin le fios go mbeidh níos mó ná céad saineolaí teanga ag teastáil san Aontas Eorpach idir anois agus an bhliain 2021. Tá deis fostaíochta ollmhór ann d’aistritheoirí agus do teangeolaithe, dar leis.

Bhí an rath ar an gcomórtas seo, agus dá bhrí sin, beidh an chéad chomórtas eile ar siúl an fómhar seo chugainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.