Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 9, 2018

Is Dócha go gCiallaíonn Oifigeach Iarchéimithe Nua go bhfuil Gluaiseacht na Mac Léinn ag Éisteacht Faoi Dheireadh

Chuir an tóir ar oifeadhach náisiúnta iarchéimithe USI ceisteanna na iarchéimithe i mbéal an phobail faoi dheireadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a ardaigh mic léinn ag Comhdháil an Aontais na Mac Léinn in Éireann (USI) a cártaí vótála chun tacaíocht a thabhairt do intreoir leas-uachtaráin náisiúnta páirtaimseartha do chúrsaí iarchéimithe, chualathas bualadh bos tríd an seomra.

Bhí an vóta, a éirigh leis gan freasúra ar bith, ag teacht ar feadh tamaill fada. Agus ba bheag ná dhealraigh an oifigeach nua seo dochreidte do aontas náisiúnta a chur beirt oifigí lán-aimseartha leis sna blianta deireanacha. Ar feadh dhá bhliain, bhí Uachtarán Aontas na Céimithe na Tríonóide (GSU) Shane Collins, an uachtaráin aontas céimithe aonraic sa USI, ag déanamh a sheacht ndícheall chun aird a tharraingt do cheisteanna iarchéimithe ar leibhéal náisiúnta, mar shampla an maoiniú, na coinníollacha oibre agus caidrimh maoirseora.

Tá ceisteanna dáiríre fós ann áfach faoi chéard a chuirfidh an oifigeach páirt-aimseartha nua seo le ionadaíocht agus an mbeadh sé an leas airgid is fearr. Mar a scríobh an Bord Eagarthóireachta cheana féin, tá drochseans go nglachfadh boird an Údarás um Ard-Oideachais nó Dearbhaithe Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann le dara ionadaí mac léinn, agus d’fhéadfadh an oifigeach seo a bheith guth gan éisteoir.

ADVERTISEMENT

Ar an lámh eile, bhí tairbhe sa bhreis ag an tóir ar ionadaíocht lán-aimseartha náisiúnta – a sroicheadh leathbhealach le intreoir de oifigeach páirt-aimseartha ina áit. I mbliana, chonacthas iompú i meoin na gluaiseachta mac léinn ar cheisteanna iar-chéimithe. Go tobann, bhí siad á phlé i ndáiríre.

Chruthaigh an Leas-Phropast do Chúrsaí Acadúla Oisín Hassan, a bhí tréaslaithe dá obair tríd an comhdháil náisiúnta, stráitéis iarchéimithe nua. Gheall sé go n-athfhéachfaidh an USI ar a obair chun bheith cinnte go bhfuil siad ag obair ar son na iarchéimithe, ag freagairt an cáineadh go bhfuil an chuid is mó do fheachtais agus obair for-rochtana dírithe ar fóchéimithe. B’fhéidir go mealltódh an fócas nua ar na ceisteanna seo tairbhí ó thionsclaíocht agus an earnáil taighde atá ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh i dtaithí na mac léinn iarchéimithe.

Dúirt ionadaí iarchéimithe arís is arís go bhfuil a bhfadhbanna sáiniúla agus nach bhfuil siad na fadhbanna céanna atá ag fóchéimithe. Dealraíonn sé go gcloiseadh an teachtaireacht anois.