Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 22, 2018

Is Tuar É an Ghníomhaíocht in Institiúidí Teicneolaíochta Do Chutach leis an Easpa Maoinithe

Ba chóir go n-éisteann an rialtas le gluaiseachtaí na léachtóirí in institiúidí teicneolaíochta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní rud nua é léachtóirí ar stailc nó mic léinn feargacha. Le blianta beaga anuas, tá an Roinn Oideachais tar éis dul i dtaithí ar línte phicéid agus ar phlaiceaird, bíodh is nach bhfuil móran déanta acu chun mianta an tríú leibhéil a shásamh.

Ní oibróidh baill foirne in institiúidí teicneolaíochta timpeall na tíre uair sa bhreis mar chuid de socruithe pá nua. Is dócha nach mbeidh tionchar ar bith ag an nuacht seo ar an rialtas. Ach ba cheart go mbeidh.

Bhí scairdeanna feirge le braistint transa campais éagsúla ar feadh tamaill anois. Bhí Tóg an Tríonóid ar ais againn, múscailte ag an gcnuasach frustrachais de bharr tráchtálú agus ciorruithe difriúla. Níl a lán foighne fágtha ag mic léinn nó ag lucht bainistíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath de bharr na brabúsaíochta san earnáil tithíochta príobháidí.

ADVERTISEMENT

Níl aon éileamh antoisceach acu. Tá ualach oibre soláimhsithe ag teastáil ó na léachtóirí in institiúdí teicneolaíochta. Is éard atá á éileamh ag mic léinn ná tithíocht nach bhfuil róchostasach – níl na héilimh seo chun bunchloch an stáit a chasadh bun os cionn.

Ach tá faillí an rialtais tar éis dul i bhfeidhm ar mheanma atá ídithe cheana féin. B’fhéidir go luaifear Bille na n-Ollscoileanna Teicneolaíochta mar bhua reachtaíochta ach níl an chaithréim seo tar éis dea-thoil nó buíochas a chruthú san earnáil seo.

Ina ionad sin, is féidir linn bheith ag súil le níos mó gníomhaíochta tionsclaíche. Tóg i gcás an Ríocht Aontaithe, léachtóirí ar stailc agus ranganna curtha ar ceal mar chuid de chath idir baill foirne agus lucht bainistíochta. Chuir comhréiteach míshocair deireadh leis an streachailt sin.

Cuireadh fís den ardoideachas in Éirinn ar fáil don phobal ar feadh na mblianta. Creidtear go bhfuil an t-ardoideachas measúil, idirnáisiúnta agus sárthábhachtach don infheistíocht. Is minic a deir an tAire Oideachais Richard Bruton go mbeidh an córas oideachais is fearr ar domhan againn.

Tá níos mó i gceist leis an gníomhaíocht thionsclaíoch ná cur i gcéill a bhfuil ag teipeadh air. Is rabhadh eile é nuair nach n-aimsítear réiteach d’fhadhb maoiniú an ardoideachais. Bheifí ag súil go nglacann an rialtas leis an gcomhairle seo.