Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 15, 2018

Mórshiúl ar Theip Air Lucht na Mac Léinn a Mhealladh

In ainneoin na mblianta d’fhearg na mac léinn maidir le tithíocht, ba bheag an slua a bhí i láthair ag an agóid.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An lá i ndiaidh Bhál na Tríonóide – d’éirigh timpeall 20 mac léinn stuacánta óna leapacha chun páirt a ghlacadh sa chéad gníomh mar agóid i gcoinne an chás tithíochta in Éirinn.

Is dócha gurb í seo an chéad uair a raibh mic léinn in ann a míshástacht le faillí an rialtais maidir leis an ngéarchéim tithíochta a léiriú. Ba chúis feirge í géarchéim na tithíochta do mhic léinn ar feadh na mblianta. Is cinnte go bhfuil an ghéarchéim tithíochta níos tábhachtaí ná maoiniú an ardoideachais agus b’fhéidir fiú an aisghairm. Ciallaíonn an t-ardchostas cíosa agus an t-easpa tithíochta go mbíonn ar a lán mic léinn modhanna antoisceascacha a ghlacadh. Níl aon chuma ann go bhfuil athrú chun teacht ar an scéal – tá costas maireachtála níos airde i mBaile Átha Cliath ná Londain!

Bíodh is go luaitear an ghéarchéim seo go minic i bhforógraí i dtoghcháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) agus sna ceannlínte sna meáin, theip ar an agóid lucht na mac léinn a spreagadh. Bhí sé mar aidhm ag an ngrúpa Mic Léinn i gCoinne Táillí a ardán a úsáid chun an ghéarchéim tithíochta a réitiú. Ba bheag an toradh a bhí acu.

ADVERTISEMENT

Ní hé seo an chéad mhórshiúl i mbliana ar theip air aird na mac léinn a fháil. Theip air agóidí eile slua a mhealladh, cearta dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus soláthar díreach ina measc. Tá sainordú ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) agus tá tuairimí láidre ag a lán mac léinn maidir leis an dá fheachtas seo ach theip orthu slua a chruinniú. Is difríocht ollmhór í idir é seo agus an slua ollmhór a bhí i láthair ag an Mórshiúl don Oideachas agus an Mórshiúl ar son na hAisghairme i mbliana.

Bhí an tír seo ar tinneall de dheasca an bua a bhí ag an bhfeachtas Tóg an Tríonóid ar ais le tamall beag anois. Chruthaigh an feachtas seo gur féidir lucht na mac léinn a ghríosadh nuair is gá. Cén fáth a raibh slua chomh beag sin i láthair ag an Mórshiúl Tithíochta? An é an chaoi ar tharla sé an lá i ndiaidh Bhál na Tríonóide? B’fhéidir nach gcreideann mic léinn gur modh feachtasaíochta maith iad mórshiúlta. Nó b’fhéidir nach raibh éinne ann chun na mic léinn a stiúradh agus a spreagadh sa troid ar son tithíochta?