Comment & Analysis
Apr 7, 2018

Ní Féidir an Ghaeilge a Chur as an Áireamh sa Tóir ar Phost

Tá i bhfad níos mó poist á fhogairt anois le riachtanas Ghaeilge.

Philip McGuinnessScríbhneoir Foirne Sinsearach
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá sé soiléir dúinn anois go bhfuil fonn ar níos mó dhaoine cur lena gcumas sa Ghaeilge tar éis an ollscoil. Cloistear scéalta faoi dhaoine atá ag iarraidh post a fháil leis an Gaeilge cé nach dhearna siad céim sa teanga cheana féin san ollscoil. Tá an meon sin ag éirí níos coitianta an t-am ar fad. Tá tóir ar an Gaeilge sna meáin, sa státseirbhís, san aistriúcháin agus san earnáil oideachais faoi láthair. Agus, cen fáth nach mbeadh?

Nuair a bhain an Ghaeilge lán-stádas amach san Aontas Eorpach deich mbliana ó shin, bhí sé ráite go mbeadh i bhfad níos mó poist ar fáil do Ghaeilgeoirí sna hinstitiúidí sa Bheilg nó sa Fhrainc. Tá na poist sin ar cheann de na deiseanna is tarraingtí atá ann do chéimithe in Éirinn faoi láthair agus ní haon ionadh é go mbíonn neart daoine ag cur isteach orthu. Osclaíonn an phróiseas iarratais gach bhliain ach ní sé chomh forleathan nó inscroithe is a bhíodh ag súil leis cúpla bliain ó shin. Anois, le suímohanna idirlíne ar nos PEIG.ie, bíonn na deiseanna sin i bhfad níos mó sofheicthe. Ciallaíonn sé sin go mbíonn níos mó daoine in ann cur isteach ar dheiseanna anseo in Éirinn leis an Ghaeilge.

Tá bunchaighdeán ag beagnach gach duine sa stát sa Ghaeilge. Tá an teanga fós mórthimpeall orainn, cé go mbeimís in ann níos mó a dhéanamh faoi sin. Ní deacair an rud é tuiscint sách mhaith a bhaint amach maidir leis an dteanga. Níl an Ghaeilge thar a n-achmhainn, mar a deirtear. Tá sé ar a chumas ag gach éinne úsáid a bhaint asti agus cuireann sé rímeád orm go bhfuil an meon seanchaithe seo ag athrú de réir a chéile.

ADVERTISEMENT

Tugann neart daoine faoi deara agus iad i mbun céim a dhéanamh san ollscoil go bhfuil grá acu don Ghaeilge. Bíonn siad tar éis éalú ón gcóras oideachais sriantach agus anois, táthar in ann sult a bhaint as úsáid na teanga. Cabhraíonn na coláistí samhraidh go mór leis sin, léiríonn siad do scoláirí éigin go bhfuil bealaí eile ann chun an teanga a fhoghlaim agus a thuiscint ag leibhéal dúshlánach. Sin an fáth go mbíonn na Cumainn Ghaelaigh ag dul ó neart go neart achan bhliain. Cothaítear muinín i measc na mic léinn sna hollscoileanna agus ní bhíonn faitíos ar éinne triail a bhaint asti ar a laghad.

Maidir leis an státsheirbhís, tá neart deiseanna nua ar fáil do chéimithe, fiú gan máistreacht acu. Tá spásanna acu i ngach roinn do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag iarraidh gnó an Stáit a dhéanamh agus a chumadh trí mheán na gaeilge. Beidh ort grád B2 de réir creatlach na dteangacha eorpacha a bhaint amach agus tusa ag cur isteach don post seo. Bíonn na dualgaisí chéanna á líonadh ag na daoine seo agus oibríonn siad i dtimpeallacht thar a bheith spreagúil agus tairbheach agus gan mórán strús ag léibheal seo. Slí bheatha brabúsach atá i gceist ansin.

Cuireann an creatlach thuasluaite seo, TEG nó Teastas Eorpach na Gaeilge mórán deiseanna ar fáil do mhic léinn agus céimithe in Éirinn. Táthar in ann cur isteach ar scrúdú éigin ó A1 go C2 de réir an leibheál atá agat sa teanga, dar leat féin. Is cáilíocht í atá fíor-thábhachtach agus úsáideach agus tusa ag iarraidh a bheith obair i beagnach gach earnáil sa tsochaí. Bheadh ar achan duine cuid mhaith staidéar a dhéanamh i gcomhair na scrudúithe seo ach éirítear cleachta leis na scrúduithe go luath. Tá an rud chéanna i gceist maidir leis na dteangacha eorpacha eile muna bhfuil céim agat snn hábhair seo cheana féin. De bhrí sin, tá fail ag gach éinne ar an gcreatlach fiúntach seo.

Níl dóthain daoine againn sa tír a bhfuil dara teanga acu agus is mór an míbhuntáiste é sin sa chóras eacnamaíochta nua-aimseartha. Ciallaíonn sé sin go mbíonn tíortha ar mhór-roinn na hEorpa ar nós an Fhrainc agus An Ísiltír a bhíonn i bhfad níos tarraingtí maidir le infheistíocht agus scileanna. Cabhraíonn na teangacha nua-aoiseacha le foghlaim agus forbairt na Gaeilge. Mar sin, téann na dteangacha sin le chéile agus iad nasctha go dlúth sa sochaí chomhaimseartha.

Má tá sé ar do chumas cheana féin teanga iasachta eile a labhairt, is dócha go mbeifeá in ann leas a bhaint as an Gaeilge arís. Tá iarracht suntasach de dhíth go dtí go mbeadh cumas mhaith agat ach is chúis mhaith é, gan amhras. Cé nach dtuigimid é go fóill, tá fostóirí sa lá atá inniú ann ag lorg daoine a bhfuil Ghaeilge acu, agus ní bhíonn ardchaighdeán nó caighdéan dúchais ag teastáil i gcoitinne. Tá tiomantas de dhíth agus is breá an luach saothair é faoi dheireadh.

Ní féidir an Ghaeilge a chur as an áireamh ar chor ar bith agus tusa sa tóir ar phost amach anseo. Is léiriú eile é sin ar an tóir mhór atá ar sárscileanna teanga na laethanta seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.