Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 9, 2018

Tá Réiteach Idirnáisiúnta Aimsithe ag an Trionóid d’Fhadhb Náisiúnta

Is foinse maoine mhaith iad mic léinn idirnáisiúnta, in ainneoin nach n-oireann seo do champas an choláiste ó am go céile.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Má bhaineann an Coláiste a sprioc amach, méadóidh líon na mac léinn idirnáisiúnta sna blianta romhainn. Bíodh is go bhfuil imní mhór ann maidir le spás, is margadh fíor-thábhachtach iad mic léinn idirnáisiúnta don choláiste.

Is beag an t-iontas é seo. Is cúis mhaith í easnamh €4.9 milliún an choláiste chun foinse mhaith ioncaim a chosaint, is dócha nach ndéanfaidh an coláiste dianmhachnamh ar stráitéis airgeadais atá in úsáid ag ollscoileanna ar fud an domhain.

Ach tá an rialtas ag cur bac ar an Tríonóid, in ainneoin na feachtasaíochta ar fad a rinne siad chun líon na mac léinn a mhéadú. Tá géarchéim áitribh faoi lánseol sa tír seo, le mic léinn nach féidir íoc as áit chónaithe. Ansin tá iliomad fadhbanna eile, mar shampla córas visa na tíre seo do mhic léinn – constaic nach bhfuil ag teastáil san earnáil seo.

ADVERTISEMENT

Is minic a aimsítear na mic léinn seo ar an trá fholamh i ndiaidh dóibh an coláiste a fhágáil, le rialacha compléascacha nach ligeann don chuid is mó díobh fanacht in Éirinn. Déanta na fírinne, níl Éire chomh tarraingteach do mhic léinn idirnáisiúnta nuair a thógtar na praghasanna atá orthu a íoc san áireamh.

Cad a chiallaíonn seo don Tríonóid? Bhuel is ceann de spriocanna Patrick Prendergast ná ollscoil idirnáisiúnta a chruthú. B’fhéidir go bhfuil an dreach ar an scéal go méadófar ollscoil, agus tá cóimheas i bhfad níos ísle do mhic léinn idirnáisiúnta ná aon ollscoil eile sna rangú domhanda 100 – is uaillmhian ollmhór de chuid Prendergast bheith mar chuid den 100 seo. Ach níl na hollscoileanna seo tar éis líon na mac léinn iontu a mhéadú ar feadh na gcianta. Níl sin mar sprioc acu, tairiscíonn siad brabús don infheistíocht dóibh siad gur féidir leo taisteal don oideachas.

Tá an Tríonóid ag céim i bhfad níos baothdhána, ag lorg fás ach le heaspa spáis. Le pleananna do dara campas agus gan aon easpa uaillmhian, tá na cinntí cinniúnacha d’ár oideachas ag éirí níos coitianta dúinn.