Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 21, 2018

An bhfuil rud ar bith ag éirí go maith leis an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide?

Chruthaigh gníomhaíochtaí seafóideacha na Tríonóide fadhbanna níosa measa ná a bheifeá ag tnúth leis.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

B’fhéidir go raibh reachtas na Tríonóide ag dúil le roinnt frithbheartaíocht nuair a chum siad an Tionscnamh Oideachais na Trìonóide. Ina theannta sin, is athrú radacach do curaclam iomlán é seo. Ach, gach uair, dealraíonn sé gur chúis iontais iad na frithbheartaíochtaí don Choláiste.

Nochtaigh nuacht na seachtaine, go bhfuil fearg ag grúdú i lucht foirne na choláiste ag an easpa cumarsáide faoi athruithe móra a thiocfaidh isteach leis an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide, bac dáiríre do iarrachtaí an Choláiste a aidhmeanna agus uaillmhianna a bhaint amach. Is fiú go mór é athchóiriú uaillmhianach na bliana acadúla na Tríonóide, ach ba éasca a thuar na imní reachtais agus luchta foirne, go háirithe má labhair an Tríonóide leo i gceart.

Ar a fheabhas, chuaigh an dá shúil siar i gcinn na mac léinn mar gheall ar cinntí an tionscnaimh, agus ar an rud is measa, cuireadh tús le éirí amach na mac léinn. Mar gheall ar an anord Scrúduithe na Nollag na Tríonóide, an céad rud mór a cháin an lucht foirne, mhol an Coláiste go mbeadh trí seisiúin scrúduithe i rith an lae, agus fiú leis an moladh sin, ní bheidh a ndóthain spáis sna ionadaí scruduithe atá á úsáid ag an Tríonóide. Nuair a bhreathnaigh siad ar fadhb maonaithe na athscrúduithe, chuir an Choláiste táille garg i bhfeidhm chun athscrúduithe a dhéanamh.

ADVERTISEMENT

Agus, caithfidh tú an cheist a chur orthú: an bhfuil rud ar bith ag éirí go maith leis an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide?

Tá roinnt gnéithe an tionscnaimh gan dátaí lánfheidhmithe agus sonraí deimhneacha, agus caithfidh an Choláiste a bheith ag smaoineamh go cúramach faoi na bacanna chun é a chur i bhfeidhm, agus ag labhairt le lucht an Choláiste ina iomlán chun cinniúint na nuálaíochta deireanacha a sheacaint.

Chruthaigh gníomhaíochtaí seafóideacha na Tríonóide fadhbanna níosa measa ná a bheifeá ag tnúth leis. Anois, tá eagla ar an lucht a bhí in ainm a bheith ag bhaint tairbhe as faoi réaltacht a lánfheidhmiú.