News
May 22, 2018

Cleachtas Gairmiúil sna Meáin Fógartha ag RTÉ agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dúirt stiúrthóir an cúrsa, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill go mbeidh tionchar ollmhór ag céimithe ón gcúrsa seo ar na meáin sna blianta amach romhainn.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir Na Gaeilge

Tá sé fógartha ag Raidió Teilifís Éireann agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go mbeidh cúrsa nua ar fáil darb ainm Cleachtas Gairmiúil sna Meáin an fómhar seo chugainn.

Díríonn an cúrsa ar ghnéithe criticiúla a bhaineann leis an iriseoireacht trí mhéan na Gaeilge. Beidh modúil ann bunaithe ar chruinneas na Gaeilge, cruthaitheacht, taighde, agus tuiscint a fháil ar luchtanna féachana chun iriseoireacht chomhaimseartha a chur ar fáil. Don seimeastar deireanach, beidh ar na mic léinn Tionscadal Taighde a stiúradh. Tá sé mar aidhm ag an gclár iriseoirí nuálacha a chur ar fáil atá in ann an teoiric agus an phraitic a nascadh go héifeachtach.

Tá béim áirithe leagtha ar foghlaim ó thaithí don chúrsa, agus beidh obair phraiticiúil ar siúl i stiúideonna éagsúla. Caithfidh mic léinn an chéad téarma ag staidéar i nGaillimh, sa chathair agus sa Ghaeltacht. Don dara téarma, caithfidh na mic léinn seal san ardchathair, ag obair i gceanncheathrú RTÉ i nDomhnach Broc.

ADVERTISEMENT

Is dea-nuacht é an cúrsa seo dóibh siúd a bhfuil suim acu nuacht a scríobh trí mhéan na Gaeilge sa todhchaí. Tá cúig spás déag ann sa chúrsa seo. Cuirfear agallaimh ar siúl chun cumas na n-iarrthóirí i leith na teanga a mheas. Chomh maith leis sin, roghnófar iarrthóirí don chúrsa bunaithe ar shamplaí d’iriseoireacht atá déanta acu go dtí seo.

Is féidir staidéar lán-aimseartha agus páirt-aimseartha a dhéanamh ar an gcúrsa seo. Máireann an staidéar lán-aimseartha bliain amháin, agus tá dhá bhliain i gceist le staidéar páirt-aimseartha. Measfar mic léinn le measúnú leanúnach.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.