Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 10, 2018

Ar Feadh 50 Bliain, Sheas TCDSU go láidir agus ar an Taobh Ceart den Stair

Fiú i dtréimhsí díomhaoine, bhí leanúnachas ag baint le cur chuige TCDSU.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Rinne Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide ceiliúradh 50 bliain óna bunaíodh é an Aoine seo caite.

Sainítear an bhliain seo le hagóidíocht na mac léinn agus le haisghair an t-Ochtú Leasú – tá an chuma ar an scéal go bhfuil TCDSU níos riachtanaí ná mar a bhí riamh.

Fiú i dtreimhsí díomhaoine, tá leanúnachas ag baint le cur chuige an Aontais: tá an tOifigeach Leasa i láthair de shíor, i láthair do chuile mhac léinn agus chuile fhadhb a bhíonn acu. I seachtain chiúin, bíonn an tOifigeach Oideachais ag caitheamh le na dosaein mac léinn a bhfuil fadhbanna acadúla acu. Caitheann Uachtarán an Aontais a chuid ama i gcruinnithe coiste an Choláiste, ag troid ar son na mac léinn. Feictear ar na nithe seo mar nithe leadránacha, nither nach bhfuil tábhacht acu. Ach is iad seo na nithe atá thar a bheith tábhachtach.

ADVERTISEMENT

Is minic a dhéanann an Bord Eagarthóireachta seo TCDSU a cháineadh, ach ní ndearna siad an argóint riamh nach raibh gá leis an aontas. (Bíodh is go bhfuil neamhspleáchas eagarthóireachta ag an nuachtán seo, tá an t-aontas i gceannas ar maoiniú, bheadh an argóint seo díobhálach ar a leithéad de chúiseanna.) Tá mic léinn agus céimithe i gColáiste na Tríonóide níos fearr as mar gheall ar TCDSU. Ní féidir é sin a shéanadh.

Chomh maith leis sin, tá an tír í féin níos fearr as mar gheall ar TCDSU. Thug an t-aontas tacaíocht do chuile fheachtas a raibh tábhacht ar bith ag baint leis, agus ar an taobh ceart den stair i gcónaí. Is príomhshamplaí iad cearta ginmhillte agus pósadh comhghnéis.

Don chéad 50 bliain eile, ní fiú iarracht a dhéanamh an todhchaí a thuar – cá bhfios cad a bheidh ann. Beidh an ghéarchéim maoinithe don ardoideachas mar cheann de na rudaí a mbeidh smacht aige ar thodhchaí an aontais agus ar an gcaoi a meastar rath an aontais.

Ba bhealach iontach iad na héachtaí ón bhfeachtas Tóg Tríonóid ar ais chun deireadh a chur leis an gcéad 50 bliain don aontas. Tá súil againn go mbeidh na blianta romhainn chomh tráthúil.