Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 25, 2018

Ba Cheart go Atháireodh an Tríonóid Céim Oinigh Aung San Suu Kyi

Chuir gíog #ArAnLáSeo ón Tríonóid i gcuimhne don phobal go bhfuil an ceannaire Maenmaire ar rolla céime oinigh na Tríonóide

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dé Luain, cuireadh gíog aisteach, ag cuimhniú an bronnadh céim oinigh do ceannaire Maenmaire Aung San Suu Kyi, atá cáinte go forleathan, ó cúntas Twitter na Tríonóide. Ar ndóigh, mar gheall ar an mearbhall agus cáineadh a tháinig as, scrios an Tríonóid an gíog go tapa.

Bhí an gíog, a moladh í mar “ceann de na bean-daonlathaí is cáiliúla sa domhan, cuid de sraith #ArAnLáSeo an Choláiste ar mheáin sóisialta. Ach b’fhéidir gur fearr le lucht foirne agus mic léinn dearmad a dhéanamh ar an rud a chuir sé i gcuimhne dóibh.
Tar éis cogadh fada ar son an daonlathas i Maenmar, nuair a mhair sí faoi ghlas tí ar feadh blianta, mhol Aung San Suu Kyi mar laoch agus curadh síochána. Ba iomaí na eagraíochtaí ar fud an domhain a thug gradam di, agus ghlac sí an Gradam Síochána Nobel i 1991.

Ach thit Aung San Suu Kyi ó grásta mar gheall ar a heaspa gníomhaíocht faoi cinedhíothú an luchta Rohingya in a tír féin. Tá an lucht Rohingya fós ag fulaingt éigniú, dúnmharú agus sléacht, agus bhac ceannaire an rialtais cúnamh agus shéan sí go bhfuil glanadh eitneach ag tarlú.

ADVERTISEMENT

Mura bhfuil rogha ag ceannairí polaitiúla ag lean ar aghaidh ag obair léi, tá freagracht ag eagraíochtaí a bronnann gradaim chun bheith cinnte go dtugtar na gradaim do dhaoine atá siad tuillte acu. Bhaineadh cuid de gradaim Aung San Suu Kyi di, agus atháirítear roinnt eile. Níor bhain an Tríonóid an céim oinigh a bhronnadh di i 2012 áfach. Ba cheart go mbainfeadh.

Is dochreidte gur chuireadh suas agus scriosadh an gíog sin sa seachtain céanna a bhronn an Coláiste an gradam céanna do Hillary Clinton.

Is léir ó gníomh an Tríonóide, nuair a scrios siad an gíog, go bhfuil fhios acu faoi impleachtaí gur thug siad an gradam céanna do dhuine a chuireadh cinedhíothú i leith di a thug siad do Mary Robinson, Bob Geldof, Peter McVerry agus duine inste scéil an tUileloscadh Tomas Reichental.
Chaithfidh an Tríonóid tabhairt faoi deireadh, más rud é go dtarraingíodh gíog ag comóradh céim oinigh Aung San Suu Kyi droch-clú ar an gColáiste, b’fhéidir go dtarraingeofaí droch-clú air mura bhainfidh sé an duais di.