Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 10, 2018

Cuma na Faillí ar Stráitéis Rangú an Choláiste Anois

Theip ar iarrachtaí an Phropaist chun na rangú a chur faoi smacht.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mór an t-athrú é suíomh na Tríonóide 104ú sna Rangú Domhanda QS ón mbliain seo chaite. Nuair a fógraíodh an nuacht, ní raibh mórán feirge le braistint ón gCóláiste – osna eile a bhí ann ó earnáil atá ag fanacht le fada ar maoiniú.

Ní hé seo an fheidhm a bhí ann. Sa bhliain 2016, nuair a bhí titim mhór ann sna rangú QS agus Times Higher Education, chruthaigh an Coláiste stráitéis rangaithe, réiteach draíochta a ardódh an Tríonóid ón suíomh ainniseach. Tá cuma na faillí ar an bplean seo agus an Tríonóid lasmuigh den 100 is fearr.

D’eascair an stráitéis as buairt shothuigthe. Dúirt Prof Brian Lucey ó Scoil Gnó na Tríonóide: “Ní cluiche iad rangú a roghnódh éinne chun imirt, ach níl aon rogha againn ach chun iad a imirt.” Siar i 2016, bhí an cluiche á chailleadh ag an Tríonóid. Ní raibh an rialtas sásta labhairt faoi maoiniú, ní raibh tuairisc Cassells foilsithe go fóill, bhí cuma ar an scéal gur fiú an stráitéis. Ach in ainneoin gur bhain an plean úsáid as chuile rud ó mhargaíocht go taighde, theip ar iarrachtaí an Phropaist.

ADVERTISEMENT

B’fhéidir go ndéanfaidh an titm seo stangaire den Tríonóid – cén chaoi ar theip ar na rangú i mbealach chomh huafásach? D’fhág mic léinn agus baill foirne a moltaí ar na meáin shóisialta.

An ceacht atá ann don Tríonóid ná nach n-ionann an córas a smachtú agus feabhsúcháin cearta. Is beag an seans a bhí ag an gcur chuige chun níos mó brú a chur ar baill foirne a bhí róghafa cheana féin. Is léir nach raibh chun éirí le tóraíocht an Choláiste i ndiaidh mic léinn idirnáisiúnta nuair a bhí líon na mball foirne ag an leibhéal céanna.

Bíodh is go bhfuil an locht ar an rialtas de bharr an easpa maoinithe, is léir go bhfuil soineantacht faoi leith ag baint le freagra na Tríonóide. Tháinig an stráitéis rangaithe seo chun cinn mar thoradh ar an éadóchas ach is botún ollmhór a bhí ann don choláiste nuair a lean siad le plean míéifeachtach a chuir margaíocht thar feabhsúcháin.