Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 4, 2018

Is é an Tuaisceart atá Anois Faoi Chaibidil. Ach Tá Cúpla Bac Ann

Níl an feachtas ginmhillte sa Tuaisceart éirithe isteach i bhfórsa cultúrtha go fóill.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus na mílte ag bailiú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun toradh stairiúil an reifrinn a cheiliúradh i mí Bhealtaine, is beag an t-iontas go bhfuil aird á díriú ar dlíthe an Tuaiscirt. Tá an ginmhilleadh mídhleathach den chuid is mó sa Tuaisceart, rud a chiallaíonn gur tír aonrach í ó na tíortha eile sa Ríocht Aontaithe. Fuarthas ré leis an gcosc bunreachtúil sa tír seo, agus tá ginmhilleadh ceadaithe trasna na farraige. Mar thoradh, d’fhéadfaí an botún a dhéanamh aontú le comhartha de chuid Michelle O’Neill agus Mary-Lou McDonald: “Is é an Tuaisceart atá anois faoi chaibidil.”

Ach an é seo an cás i ndáiríre?

Ar an gcéad dul síos, níl aon chosc bunreachtúil ann maidir le ginmhilleadh sa Tuaisceart agus dá bhrí sin, níl gá le reifreann. Ní féidir cinntiú go bhfuil an mhian ann ón bpobal agus ó pholaiteoirí chun athruithe sa reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Tharla an morshiúl is mó ar son na rogha an Deireadh Fómhair seo chaite le 2,500 i láthair. Bíodh is nach fiú é aon chomparáid a dhéanamh idir sin agus na mórshiúlta in Éirinn, agus in ainneoin go bhfuil fás tar éis teacht ar an éileamh chun ginmhilleadh a cheadú, níl an feachtas ginmhillte sa Tuaisceart tar éis éirí isteach i bhfórsa cultúrtha mar atá sa chuid eile d’oileán na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Mar bharr ar an donas, is beag an mhian atá le feiscint i measc pholaiteoirí an Tuaiscirt. In ainneoin go bhfuil Sinn Féin i bhfábhar reachtaíocht maidir le ginmhilleadh a athrú, seasann an DUP, UUP, agus SDLP ar son na beatha. (Ceadaíonn an SDLP vóta consiasa maidir leis an gceist.) Bheadh athrú suntasach i bpolaitíocht an Tuaiscirt ag teastáil chun aon reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm.

Tá seans ann nach mbeidh an rogha sin ag páirtithe an Tuaiscirt, áfach. Is níos mó ná bliain ann ó thit an rialtas le cumhacht chomhroinnte in Stormont, tá an seans ann go gcuirfear riail dhíreach i bhfeidhm sa Tuaisceart. Cé go gcuirfeadh an féidearthacht seo míshuaimneas ar cuid mhaith de shaoránaigh, d’fhéadfadh sé reachtaíocht maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach sa Tuaisceart a bheadh ar chomhchéim leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.