Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2018

Is Fianaise é an Bille um Thithíocht na Mac Léinn go mBíonn Rath ar Gníomhaíocht Dhíreach

Cuireann mic léinn an ghéarchéim tithíochta, ar chlár an rialtais den chéad uair riamh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba bhliain ghnóthach í seo do cheannairí na mac léinn. Throid siad ar son chearta ginmhillte ag leibhéal náisiúnta, rinne siad agóidíocht i gcoinne táillí ríchostasacha, agus d’éiligh siad go láidir chun maoiniú an ardoideachais a choimeád ar an gclár oibre. Bhí mórshiúlta corraitheacha againn agus bealaí nua chun gníomhaíocht dhíreach a chur i bhfeidhm. Is féidir bheith cinnte faoi rud amháin: tá go leor fulaingthe ag mic léinn.

I ndiaidh na haisghairme, tugann mic léinn aghaidh ar na ceisteanna a bhí fágtha chun deiridh. Tá chuile mhac léinn eolach ar an tionchar atá ag an ngéarchéim tithíochta, agus in ainneoin na huileláithreachta a bhíonn ag an ngéarchéim tithíochta i rith olltoghchán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, níor tharla aon ghníomhaíocht dhíreach go dtí an bhliain seo.

I ndiaidh na cathréime a bhain le Tóg an Tríonóid ar Ais, tharla agóidí ar fud na tíre. Rinneadh agóidíocht i gcoinne táillí tithíochta ag ardú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. In ainnneoin an tinrimh laig ag an gcéad Mhórshiúl ar son na Tithíochta, cuireadh an cheist seo ar an gclár oibre.

ADVERTISEMENT

Tabharfar suntas don díospóireacht sa Dáil ar Dé Máirt maidir leis an mBille um Thithíocht na Mac Léinn de bharr an aitheantais a tugadh d’agóidíocht na mac léinn. Tá iarracht mhór á dhéanamh an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor chun buairt na mac léinn maidir le táillí atá “ag ardú as cuimse” a laghdú. Cé gur féidir Aontais na Mac Léinn a cháineadh mar gheall ar ghníomhaíocht gan éifeacht nó gan bhrí, bhí rath ar an bhfeachtasaíocht i measc mac léinn i mbliana.

Beidh an Bille seo, má éiríonn leis, mar an chéad fheabhas do mhic léinn, a bhfuil an ghéarchéim seo fulaingthe acu ar feadh beagnach deich mbliana anois. Dúirt an rialtas seo go gcuirfidh siad 21,000 leaba ar fáil faoin mbliain 2024.

Tamall fada a bhí ann ó bhí mic léinn chomh glórmhar, ag gníomhú go díreach agus ag mealladh aird náisiúnta. Cé go raibh soinicí ag magadh faoin gcumas atá ag agóidíocht na mac léinn chun athrú a spreagadh, ní raibh an rialtas chomh hoscailte riamh.