Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 2, 2018

An Dá Aontas Mac Léinn go Fóill ina dTost Faoi Thobac ar Champas

Níl sé míréasúnta go mbeadh ar TCDSU agus GSU seasamh mar is ceart a ghlacadh ar an cheist seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cúig bliana i ndiaidh a bhunaithe, bhí Tobacco Free Trinity ar ais sna ceannlínte an tseachtain seo, agus an Coláiste ag iarraidh líon na limistéar ar champas atá saor ó thobac a mhéadú. Cé gur bogadh plé na ceiste seo go dtí cruinniú Bhord an Choláiste na míosa seo chugainn, ní fada sula mbeidh ar aontais mhac léinn an Choláiste a seasamh féin a shocrú.

Bunaíodh Tobacco Free Trinity in Aibreán 2013, nuair a thaispeán suirbhé ollscoile go mbeadh formhór na foirne agus na mac léinn sásta tacú le campas saor ó thobac. Ó shin i leith, tá cuid is mó an aiseolais atá cruinniuthe dearfach – agus cé nach bhfuil an feachtas gan chonspóid, tá sé cinntithe ag an Choláiste go bhfuil guth na mac léinn le cloisteáil ag gach céim sa tionscnamh.

Ina ainneoin seo, áfach, níl seasamh oifigiúil glactha ag Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) ná ag Aontas na n-Iarchéimithe (GSU) ar an cheist seo go fóill.
Tar éis reifrinn neamhchonclúideaigh i 2014, agus díospóireachtaí fada ag comhairle an aontais, vótáil TCDSU chun fáil réidh lena sheasamh ar Tobacco Free Trinity – tugadh, ag deireadh na dála, an saoirse do na hionadaithe mhac léinn (an tUachtarán, Oifigeach Leasa agus Oifigeach Oideachais) a vótá a chaitheamh de réir a mianta pearsanta féin.

ADVERTISEMENT

Ag an am céanna, cé go bhfuil tacaíocht shuntasach ó bhaill an GSU feiceálach sna díospóireachtaí comhairle agus sna suirbhéanna, labhair a Uachtáran tofa, Oisín Vince Coulter, in éadan an rúin ag comhairle an TCDSU. Tá sé de chumas anois aige cinneadh a dhéanamh maidir le seasamh an GSU.

Níl sé míréasúnta go mbeadh ar aontais ionadaíocha na hollscoile seasamh mar is ceart a ghlacadh ar na ceisteanna seo. Mura bhfuil, cad is fiú a gcuid próiséas cinnteoireachta? I gcás comhairle TCDSU, a leanann de ghnáth tuairimí pearsanta na n-oifigeach nuair nach dteipeann air seasamh ar bith a ghlacadh, is deacair in amanna a fhiúntas a fheiceáil.

Chuir an feachtas Take Back Trinity isteach go hollmhór ar shaol an champais ar feadh chúpla seachtain – is sonrach mar sin maidir le tábhacht an comhairle nár luaíodh go fiú uair amháin é ag an leibhéal sin.

Ar aon chuma, má tá dearcadh láidir agat féin maidir le tobac ar champas na Tríonóide, is fiú tabhairt le fios le d’ionadaithe mhac léinn go luath.