Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 23, 2018

Léiríonn Bradaíl UCDSU an Tábhacht le hObair USI

In ainneoin líon ard na mac léinn UCDSU, tá an lámh in uachtar ag an aontas náisiúnta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Baineadh preab as an phobal mhac léinn ar fad le linn na seachtaine seo, nuair a nochtadh go raibh bradaíl déanta ag Aontas na Mac Léinn UCD (UCDSU) ar aighneacht réamh-bhuiséaid Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI). Is ábhar iontais é seo i gcás an aontais áirithe seo, a mhaígh thar na blianta nach raibh air brath ar an USI ar bhonn náisiúnta.

Bhain an caidreamh ciotach idir an dá aontas a bhuaicphointe amach i 2013, nuair a bheartaigh formhór na mac léinn in UCD an t-aontas náisiúnta a fhágáil. Rinneadh an cás gur deis a bhí ann neamhspleáchas a bhaint amach chun díriú isteach ar chúrsaí áitiúla. In ainneoin neart tairiscintí ar chúnamh ó USI thar na blianta, ba léir an fonn a bhí ar UCDSU bheith ina sheasamh leis féin.

Cothaíodh an tseachtain seo, áfach, gurb ar scáth a chéile a mhaireann na haontais. Thig le UCDSU tathant USI a dhiúltú, ach ar an drochuair dó, ní bheidh sé riamh in ann caighdeán oibre an aontais náisiúnaigh a athcruthú. Cé gurb ard líon na mac léinn in UCDSU, tá an lámh in uachtar ag USI – is é an eagraíocht mhac léinn amháin a bhfuil suíochán aici ag an tábla idirbheartaíochta leis an Rialtas, chomh maith le foireann mhór oifigigh lán-aimseartha atá dírithe ar chúrsaí náisiúnta don chuid is mó.

ADVERTISEMENT

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé seo, faoi dheireadh, ag rith le UCDSU. I mí Márta, bhí sé ag mairseáil in éineacht le USI agus leis na haontais eile ar son aisghairme sa Chearnóg Thosaigh, a mheall bualadh bos ón slua. Le blianta beaga anuas, sheas siad beirt gualainn ar ghualainn ag an Mhórshiúil ar son Oideachais. Níl i gceist leis an chóipeáil gan náire seo ar aighneacht USI ach aitheantas ar an obair a dhéanann an t-aontas náisiúnta.

Más rud é gur fhág UCDSU an USI chun díriú isteach níos mó ar chúrsaí áitiúla, ba chóir gur cuireadh foláireamh amháin; is minic a bhraitheann na cúrsaí áitiúla sin ar thorthaí náisiúnta. Thig le UCDSU aithris a dhéanamh ar obair USI, agus beidh mionbhuanna aige buíochas lena rath – ach ní éireoidh leis riamh an rath sin a athchruthú.