Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 7, 2018

Thuig an Coláiste an Téarma Chinnteacht Táille, nó Níor Thuig. Ní Maith Ceachtar Acu.

Is amaideacht nó urchóid a bhí taobh thiar den phracas a rinneadh maidir le táillí idirnáisiúnta an tseachtain seo caite.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mí Márta, nuair a chuir an feachtas Tóg ar ais an Tríonóid an campas ar a cheann, ba chosúil gur gheall an Coláiste cinnteacht tháille go daingean do mhic léinn idirnáisiúnta agus iarchéime.

Go fiú dóibh siúd (muidne san áireamh) atá breá cleachtaithe le cinnteoireacht thimpeallach an Choláiste faoin am seo, spreag praiseach na seachtaine seo caite idir iontas agus mearbhall sular mhalartaigh an Coláiste méadú chúig faoin gcéad do tháillí mhic léinn idirnáisiúnta agus iarchéime.

Is trócaireach an té a ghlacfadh leis an mhíniú go raibh tuiscintí éagsúla ar chiall an chomhaontaithe, agus gur shínigh an Coláiste i nganfhios d’fhíorchiall an téarma “cinnteacht tháille” ag an am nó anois cúig mhí ina dhiadh.

ADVERTISEMENT

Is í an fhadhb, áfach, ná nach iomaí ciall a bhaintear as an téarma. Tá cinnteacht ag mic léinn má deirtear leo cá mhéad atá le híoc as a gcéim ón tús – nó níl sí acu. Is deacair a chreidbheáil gurbh fhéidir leis an Coláiste, go fiú agus a ionadaithe chomh cráite is a bhí siad ag an am, ciall ar bith eile a bhaint as an chomhaontú ar chinnteacht tháille.

Ar ndóigh, tá féidirtheacht níos úrchóidí, a thagfadh salach ar an spiorad comhoibrithe a bhí in ainm bheith cothaithe i ndiaidh Tóg ar ais an Tríonóid. An raibh súil ag an Choláiste nach dtabharfadh 17,000 mac léinn cinneadh nach gcuireann isteach ach ar 700 acu faoi deara, agus iad ag fulaingt ón tonn teasa? Agus ar mheas sé diongbháilteacht na nAontas agus a gceannairí úra faoina luach?

Is deacair a rá cé acu is measa mar mhíniú. Ar lámh amháin, is aoraí an réaltacht ná haoir í féin más fíor nár thuig oifigeaigh airgeadais an Choláiste coincheap an chinnteacht taille – smaoineamh a thuigfeadh páiste.

Ar an lámh eile, ní sólásach an smaoineamh go dtabharfadh an Coláiste neamhaird mar seo ar na comhaontuithe atá déanta aige le mic léinn.

Dhearbhaigh Uachtaráin na nAontas, i ndiaidh cruinnithe leis an Choláiste an tseachtain seo caite, nach raibh mailís ar bith taobh thiar den mhéadú táille, agus is cosúil le toilteanas an mhalartaithe gur neamhinniúltacht a spreag an eachtra in ionad mírúin. Ach ar an drochuair, ní thugann ceachtar den dá mhíniú léargas dearfach ar lucht stiúrtha an Choláiste san iomlán.