Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 30, 2018

Ní Leor “Dínit agus Meas” Chun Dul i nGleic le hIonsaí Gnéis

Is tromchúiseach an easpa bheartais neamhspleách atá ag an Choláiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Baineadh geit as an tír ar fad nuair a fógraíodh go ndearnadh éigniú ar thriúir mac léinn na chéad bliana i gCorcaigh ó thús an téarma. Spreagadh an rialtas chun gnímh, agus chinn sé fóram a bhunú ar ionsaí gnéasach ar mhic léinn. Ní amháin go bhfuil sé seo thar am, áfach – is dócha freisin nach leor é.

Le linn na díospóireachta ar bhunú an fhóraim, chur ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin imní in iúl nach raibh na mná seo compordach dul chuig na Gardaí nó fiú chuig a n-ollscoil, agus gur chinn siad dul chuig ionad ghéarchéim éignithe ina áit. Cé go mbainfeadh sé seo geit as polaiteoirí, ní ionadh ar bith é do lucht na n-ollscoileanna Éireannacha.

Tá seasamh na Tríonóide i dtaobh chiapadh agus ionsaí gnéis le fáil go domhain ina Pholasaí um Dhínit agus Meas. Tá díoma curtha in iúl ag an Bhord Eagarthóireachta seo roimhe mar gheall ar an easpa trédhearcachta le dearcadh an Choláiste ar an fhadhb seo. Tá sé mar phríomhrún ag an bheartas “timpeallacht choláisteach” a chur chun cinn, ina théitear i ngleic le rudaí ar nós “tráchtanna dímheasúla” agus póstaeir gránna. Ní hé an doiciméad seo, mar sin, an áit is fearr le haghaidh cheiste chomh casta le ciapadh gnéis.

ADVERTISEMENT

Bristear an Polasaí um Dhínit agus Meas ar bhonn laethúil gan iarmhairt. Is iomaí sampla de dhrochiompar sna cumainn mhac léinn, eachtracha sna toghcháin nó tráchtanna beaga ó léachtóirí a bhrisfeadh na rialacha seo ach nach ngearrtar píonós orthu faoin pholasaí.

Mar bharr ar an donas, deir an polasaí nach bhfuil ciapadh gnéis “faoi dhlínse smachtaithe na hOllscoile” agus, de réir dlí coiriúil, gur cheart eachtraí a threorú chuig na Gardaí. Tá beirt den triúir cailín i gCorcaigh tar éis éirí as an choláiste mar gheall ar a n-eispéiris féin. Baineann tromchúis mhór, mar sin, leis an easpa bheartais neamhspleách, le hiarmhairtí follasacha, atá ag an Choláiste.

Is uafásach na scéalta as Corcaigh, ach tá an iomarca aithne againn orthu faoin am seo. Agus ag cur san áireamh go bhfuil gníomhaíocht chomh tábhachtach ar bhonn áitiúil is atá sí ar bhonn náisiúnta, is cúis imní go bhfuil an rialtas, a bhíonn an-drogallach de ghnáth, ag dul i mbun gnímh sula bhfuil ár n-ollscoil féin. Má tá an Coláiste ag iarraidh go seachnódh a mhic léinn féin eachtraí mar seo sa todhchaí, b’fhearr dó athmheas a dhéanamh ar an méid a chuireann sé in aghaidh an iompair seo, agus an píonós a ghearrann sé air.