Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 21, 2018

Cultúr Gangaideach i DCU – Ach Ní Eisceacht Í Seo

Is soineanta a rá nach ndéantar aithris ar chultúr Meiriceánach na gcumann go minic ar champais Éireannacha eile.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus iad ag ullmhú chun rith do choiste an Chumann Cúntasóireachta agus Airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), caithfidh nár shamhlaigh mic léinn na chéad bliana go mbeadh orthu cuimilt in éadan duine, stráinséir a phógadh, ná a gcuid éadaí a bhaint díobh féin os comhair slua glórach mic léinn níos sine. Ar an drochuair, áfach, is é sin a tharla ag cruinniú chinn bhliana an chumainn ag tús na míosa seo. Ní raibh dara rogha ar fáil – déan na gníomhartha náireacha seo os comhair seomra lán de dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu, nó ní bhfaighfidh tú áit ar an choiste.

Níos measa fós, ní amháin go raibh oifigeach reatha d’Aontas na Mac Léinn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCUSU) – Leas-Uachtarán Rannpháirtíochta agus Forbartha Karl McGovern – i láthair ag an chruinniú, ach níor chuir sé deireadh leis an eachtra samhnasach. Cáineadh go forleathan McGovern i measc na gcumann eile, mar is cóir, mar gheall ar a neamhghníomhaíocht.

Ní raibh deistín ar gach duine, áfach. Chinn lucht ceannais DCUSU, an tUachtarán Vito Moloney Burke san áireamh, seasamh le McGovern. Dóibh siúd atá eolach ar pholaitíocht na mac léinn sna hollscoileanna eile ar nós na Tríonóide, is údar mór iontais nach bhfuil éileamh mór ar tháinseamh McGovern go dtí seo.

ADVERTISEMENT

Is soineanta a rá, áfach, nach ndéantar aithris ar chultúr Meiriceánach na gcumann mar seo go minic ar champais eile. Sin a mhaígh Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) Síona Cahill agus í ag caint le Sean O’Rourke le linn na seachtaine, ag rá “[nach] rud é seo a tharlaíonn i gcumainn ollscoile in Éirinn”.

Is léir d’fhormhór na mac léinn Éireannacha go bhfuil ráiteas Cahill áiféiseach, le go leor raflaí le cloisteáil faoi shearmanais insealbhaithe ag tús an bhliain choláiste. Ní chaithfidh tú bheith an-eolach faoi chúrsaí ollscoile – cé gur chóir do Cahil, mar cheannaire an ghluaiseacht mhac léinn – chun scéaltaí a chloisteáil mar gheall ar dhushláin insealbhaithe sna cumainn spóirt go háirithe.

Le fada an lá, ceapann na hollscoileanna Éireannacha go bhfuil siad slán ó chultúr na searmanas insealbhaithe agus ó ghníomhaíocht ghangaideach na gcumann. B’fhéidir go spreagfaidh an eachtra DCU mionbhreithniú ar chultúr a gcuirimid i gcéill nach bhfuil againn.