Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 15, 2018

Léiriú Muiníne agus Tosaíochtaí Cearta le Feiceáil le hInfheistíocht €100m

Leis an scéal inné maidir le maoiniú ón Bhanc Eorpach Infheistíochta, is léir go bhfuil an t-ádh ar an Tríonóid le déanaí maidir le tionscnaimh caipitiúla.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Fógraíodh maidin inné, nuair a bhíothas ag súil le lá nuachta leamh ciúin, go gcuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) maoiniú suntasach ar fáil do roinnt thionscnamh tógála fad-téarmach de chuid an Choláiste.

Má éiríonn leis an Choláíste a phleananna uaillmhianacha a chríochnú, beidh an campas athraithe ó bhonn faoi 2030. Leis an Scoil Ghnó €1 billiún agus suíomh lóistín mhac léinn 250 leaba ag Cearnóg Theach na Clódóireachta beagnach críochnaithe, beidh roinnt áiteanna ar an champas do-aitheanta faoin Mheán Fómhair seo chugainn.

Tá an t-ádh ar an Tríonóid le déanaí maidir le tionscnaimh caipitiúla – mheall sí an tabhartas príobháideach is mó riamh i stair an Stáit don Institiúid Innealtóireachta, Fuinnimh agus Teicneolaíochtaí Úra (E3) níos túisce i mbliana. Níos moille sa samhradh, d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar seoladh cheantar nuálaíochta i nDuga na Canálach Móire, a bheidh bunaithe ar Champas Fiontair agus Teicneolaíochta na Tríonóide (TTEC), ag cur le pleananna uaillmhianacha fairsingithe an Choláiste.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, is fiú a lua go bhfuil an maoiniú seo mar chuid d’iasacht fhadtéarmach, agus go mbeidh ar an Choláiste í a aisíoc. Ina ainneoin sin is comhartha muiníne é don ollscoil, nuair a áirítear go bhfuil sé mar sprioc ag an bhanc bheith ag tacú le hinfheistíocht stuama a chuireann spriocanna beartais an AE chun cinn, go háirithe anois agus maoiniú Stáit i ngannchúis.

Léiríonn na tionscnaimh faoi leith a mhaoineoidh an iasacht, freisin, go bhfuil a cuid tosaíochtaí i gceart ag an Tríonóid. Ní gá an ghéarchéim tithíochta, ná an tionchar atá aici ar an oiread lóistín atá ar fáil do mhic léinn, a léírmhíniú – ach tá moladh tuillte ar an Choláiste as an 300 leaba úra a chuirfear ar fáil i Halla na Tríonóide. Tá maoiniú le haghaidh athfhorbairt an Scoil Dlí, atá in iomaíocht níos géire le Scoil Dlí Choláiste na hOllscoile le cúpla bliain anuas, le moladh freisin.

Agus chomh maith le E3, a bhfuil neart infheistíochta meallta aige cheana féin, cuirfear cuid den mhaoiniú ar fáil d’athchóiriú Bhloc na nEalaíon – in aineoinn na n-oibreacha a rinneadh air le déanaí, bíonn snas i gcónaí ag teastáil air.