Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2018

Ní Bheidh ‘Coláiste don Oileán ar Fad’ gan ach Mic Léinn ó Chúige Laighean

Níl ach scoláire amháin as cúigear ó thaobh amuigh de Chúige Laighean – tá constaicí fós roimh mhic léinn Chonnacht agus na Mumhan.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is léir go bhfuil sé de rún ag Coláiste na Tríonóide bheith chun tosaigh ó thaobh rochtana de le tamall anuas. Caithfear a rá go bhfuil ag éirí go maith leis – le deich mbliain anuas, tá an Coláiste ag dul i ngleic le clú an éilíteachais atá air go stairiúil le tionscadail ar nós Chlár Rochtana na Tríonóide (TAP), a spreag cláracha dá leithéid in Oxford agus Cambridge.

Bhí sé mar sprioc ag an Choláiste go dtagfadh ceathrú cuid dá mhic léinn fochéime as cúlraí atá faoi ghannionadaíocht, agus tá sé sin bainte amach buíochas le TAP. Ag an am céanna, tá an Coláiste ag déanamh iarrachta rochtain mhac léinn a leathnú ar bhealaí éagsúla.

Sa bhliain 2013, sheol an Coláiste a Chlár Rochtana Thuisceart Éireann. Dúirt an Propast Patrick Prendergast ag an am go raibh Coláiste na Tríonóide, go stairiúil, mar “ollscoil don oileán ar fad”. Chruthaigh an clár bealaí malartacha iontrála do mhic léinn UCAS ó thuaidh, agus chinntigh sé go raibh ionadaíocht láidir ag an Choláiste ag aonaigh ollscoile ar fud an tuaiscirt. Cé go raibh titim bheag sna huimhreacha i mbliana (mar gheall ar an éiginnteacht maidir le Brexit, is cosúil), d’éirigh leis an Choláiste líon na mac léinn ó thuaidh a mhéadú ceithre bliana as a chéile.

ADVERTISEMENT

Anuas air seo, léiríonn an tuairisc is déanaí go bhfuil líon na mac léinn ó thaobh amuigh den AE méadaithe, agus go bhfuil líon na mac léinn as an AE seasmhach go fóill. San iomlán, tá ag éirí go geal leis an Choláiste anseo.

Ach i measc na bhfigiúirí dearfacha seo, tá rud amháin go fóill ar iarraidh – mic léinn Éireannacha ó thaobh amuigh de Chúige Laighean. De réir tuairisce ar na mallaibh, b’as Baile Átha Cliath nó as Cúige Laighean do 79 faoin gcéad de mhic léinn na Tríonóide a thosaigh sa bhliain 2016. In ainneoin na n-iarrachtaí le grúpaí éagsúla mic léinn a mhealladh, is cosúil go ndearna an Choláiste dearmad ar chohórt scoláire atá díreach ar leac an dorais aige.

Is léir go bhfuil constaicí ar leith i mbealach na Tríonóide do mhic léinn i gCúige Connacht agus Cúige Mumhan – ach níor aithin an Coláiste na bacanna seo go fóill, gan trácht ar dhul i ngleic leo.

Is cinnte go bhfuil an Coláiste ceannródaíoch ó thaobh rochtana de, ach mura gcuirtear mic léinn as contaetha ar nós Gaillimh nó Luimneach san áireamh, níl ann ach cur i gcéill gur “ollscoil don oileán ar fad” é Coláiste na Tríonóide.