Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 22, 2018

Seachtain Scairtí agus an Earnáil Ardoideachais Trína Chéile

Dúradh tráth nár chabhraigh sé. Ach tá gearán mar gheall ar an ghéarchéim ardoideachais in Éirinn ag fás seachtain i ndiaidh seachtaine.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní i bhfad ó shin a cheapthas go raibh caint os ard mar gheall ar an mheath atá tagtha ar earnáil ollscolaíocht na hÉireann measartha mífhóirsteánach.

Mar a dúirt Tom Boland le hAcadamh Ríoga na hÉireann i 2015, agus é mar POF ar an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) ag an am, bhí an baol ann go gcuirfeadh na geallsealbhóirí droch-cháil ar chúrsaí ollscolaíochta in Éirinn agus iad “ag insint do mhadraí an bhaile” faoi thionchar an ghéarchéim mhaoinithe. (Go fiú ag an am, chuaigh Boland chomh fada le rá go raibh maoiniú “á laghdú chomh íseal agus is féidir de réir a chéile”.)

Breis agus dhá bhliain tar éis fhoilseachán an Tuairisc Cassels, áfach, tá na geallsealbhóirí sin ag seinm an phoirt easaontaigh céanna lena chéile.

ADVERTISEMENT

Le seachtain anuas, bhain an cáineadh ar staid na hearnáile a bhuacphointe amach. Dé Luain, chuir Cumann Ollscoileanna Éireann (IUA), a ionadaíonn seacht ollscoil na tíre, comhartha guaise amach. Ag seoladh a bhfeachtas Sábháil ár Splanc, dúirt Ard-Stiúrthóir an IUA Jim Miley i bpreasráiteas go raibh na hollscoileanna ag éileamh ar ghníomh práinneach, ag tabhairt foláirimh faoi “meath suntasach ar chaighdeán”.

Chuaigh Miley níos faide ar an raidió, ag rá go bhfuil na méaduithe measartha ar mhaoiniú ar nós “plástar beag a chur ar chneá oscailte”.

Dé Máirt, d’fhreastal Miley ar chruinniú halla an bhaile de chuid Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide maidir leis an cheist seo, áit ar fhógair ceannairí an fheachtais Tóg ar Ais an Tríonóid gurbh é “an t-aon rogha ná méadú gníomhaíochta”.

Dé Céadaoin, sheol Aontas na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a chéad feachtas riamh i gcoinne ciorruithe maoinithe ar sheirbhísí mhac léinn.

Déardaoin, agus é os comhair Coiste um Chuntais Phoiblí (PAC) na Dála, mhínigh Graham Love (iar-POF Údarás um Ard-Oideachas, a bhfuil freagracht reachtúil aige ar gach institiúid tríú leibhéal) na cúiseanna dá raibh sé ag éirí as an phost. Luadh an “easpa réitigh ar cheist an mhaoinithe” agus achrann le Roinn an Oideachais faoi rólanna agus feidhmeanna faoi seach.

Tá admhálacha Love suntasach ina n-aonar. Ach mar chuid den seachtain inar tharla siad, níl ann ach gné amháin den phrácás ginearálta atá san earnáil faoi láthair.

Os rud é go bhfuil na daoine seo ag aontú lena chéile, agus tolach bheith ag labhairt os ard mar gheall air, is léir go bhfuil rud beag dul chun cinn a dhéanamh. Os a choinne sin, tá dearcadh Aontas na Mac Léinn in Éirinn – a bhí ar tí an bua a fhógairt cúpla seachtain ó shin – níos dothuigthe go fóill.