Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 7, 2018

Tá an Cumann Liobrálachais Clasaicigh ag Nochtú Neamhréireacht an CSC

Tá neamhréireacht an CSC maidir lena bheartas ar chumainn polaitiúla anois ag éirí níos achrannaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá constaic mhór amháin ar na mic léinn atá ag iarraidh Cumann Liobrálachais Clasaicigh a bhunú: an cosc atá ag Lárchoiste na gCumann (CSC) ar chumainn le seasaimh pholaitíochta.

Cé gur thosaigh sé mar chraobh de chuid Mic Léinn ar son Saoirse, eagraíocht domhanda liobraíoch, deir na dáltaí taobh thiar den Chumann Liobrálachais Clasaicigh nach mbeadh an cumann mar chuid de ghluaiseacht polaitiúil agus nach molfadh sé beartas ar leith. Mar gheall ar an débhríocht mhór i bpolasaí an CSC, áfach, is dócha nach n-éireoidh leo anseo.

Anuraidh, tharraing DUGES (Cumann Chomhionannas Inscne Ollscoil Bhaile Átha Cliath) conspóid nuair a rinne sé iarracht a ainm a athrú go “Cumann an Fheimineachais”. Dhiúltaigh an CSC an iarracht, agus a rúnaí ag an am Fiona May ag rá go mbeadh ainm le “feiminicheas” ann míbhunreachtúil mar gheall ar a nadúr polaitiúil. Ach mar a dúirt an Bord Eagarthóireachta seo ag an am, is doiléir an difear idir “comhionannas inscne” agus “feimineachas”, agus má tá na rialacha chomh dian is a deir an CSC, ní chóir gur bunaíodh cumann chomhionannas inscne i dtús báire.

ADVERTISEMENT

Níl cás DUGES ina aonar. Is léir go bhfuil cumainn eile ar nós Chumann Timpeallachta na Tríonóide an-pholaitiúil ar go leor bealaí, nuair a smaoinítear ar an fheachtasaíocht a dhéanann siad ar chúiseanna áirithe. Tá cúrsaí níos casta fós de bharr na gcumann ar an champas atá polaitiúil go hoscailte, atá bainte le páirtithe polaitíochta seachtracha agus a bhí bunaithe roimh ré an CSC.

Tá ciall le drogall an CSC bheith rópháirteach sa pholaitíocht. Mar a deir sé féin, is é sin dualgas Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU). Ach toisc gur dócha go ndiúltóidh sé stádas oifigiúil do chumann atá ag iarraidh saoirse cainte ar champas a chur chun cinn, agus nuair a áirítear a neamhréireacht i gcur i bhfeidhm an tseasaimh seo, tá ceist a bhí imeallach anois ag teacht chun cinn agus ag éirí níos achrannaí.