Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 26, 2018

Ag Cáineadh Rangaithe, tá Iarracht á Déanamh ag an Propast Stair a Athscríobh

Theip ar an gcath ainniseach i gcoinnithe rangaithe íslithe, agus is ábhar macnaimh é don Phropast.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I Mí an Mhárta 2016, scríobh an Bord Eagarthóireachta gur léir gurb iad na rangú ardoideachais an chloch is mó ar phaidrín Patrick Prendergast agus é ina Propast – ag rá gurb iad na rangaithe an rud a chuimhneofar i ré Prendergast.

Cuimhnítear ar togra na bpropast i lár a dtréimhse oifige, de ghnáth. Ag an am sin, sheol an Coláiste stráitéis rangaithe, le stráitéis cumarsáide, cur chuige nua do taighde agus foilseacháin, agus grúpa rangaithe ina raibh an Propast é féin mar chathaoirleach.

Nuair a thit an Tríonóid lasmuigh den 100 ollscoil is fearr i Rangú Domhanda QS an Meitheamh seo caite, scríobh an Bord Eagarthóireachta gur faillí a bhí sa stráitéis – bíodh is go raibh buairt cheart i gceist leis. Ní hamháin gur chuir sé brú ar an Tríonóid chun deileáil le rudaí neamhthábhachtacha, níor chuir sé stop le titim an choláiste don dhá rangú is tábhachtaí

ADVERTISEMENT

Chun a cheart a thabhairt dó, tá an dreach ar an scéal gur aontaíonn an Propast. An tseachtain seo caite, dúirt sé go bhfuil an iomarca béime á leagan ag ollscoileanna eile ar rangú, seachas ar rúdaí tábhachtacha eile ar nós rannphartaíocht na gcumann agus clár inbhuanaithneachta

Rud nach bhfuil chomh hiontach sin ná a iarracht chun an stair a athscríobh, agus á oidhreacht féin a athrú. Nuair a rinne sé cur síos ar rangú mar “réaduchtach”, d’fhéadfaí a chreidiúint go raibh an tuairim seo aige le fada an lá – seachas mar fhreagra ar an teip a tháinig ar a chath i gcoinne rangaithe.

Tháinig seo ag deireadh “Seasamh an Choláiste” ó Prendergast, agus déanann gach ceannaire iarracht stair a chrúthú. Bíodh is go bhfuil dhá bliain anois ag an bPropast chun nádúr a shealbhaíocht oifige a athrú, is gá cur i gcuimhne dó nach mbíonn rogha agat maidir le do oidhreacht.