Comment & Analysis
Nov 14, 2018

Ba Cheart do TCDSU Bheith Uaillmhianach leis an Ghaeilge

Tá sé go hiomlán fóirsteánach go mbeadh aontas na mac léinn in ollscoil stát-maoinithe ar fáil trí mheán phríomhtheanga oifigiúil an stáit, dar le hEoin O'Hare.

Read Article in English (Léigh as Bearla an t-Alt) »
Eoin O'HareEagarthóir na Gaeilge
blank
Anna Moran for The University Times

Caitheadh cuid shuntasach – ar a laghad níos mó ná mar a bhí an lucht freastail ag súil leis – de chruinniú Chomhairle Aontas na Mac Léinn na seachtaine seo caite ar dhíospóireacht maidir leis an fhiúntas atá le soláthar ríomhphost seachtainiúil an Aontais trí mheán na Gaeilge chomh maith leis an Bhéarla.

Agus easnamh buiséid an Aontais i lár an aonaigh, ardaíodh an cheist seo mar mhír plé ag moladh go dtiocfadh fáil réidh le leagan Gaeilge an ríomhphoist chun costais aistriúcháin (chomh hard le cúig euro déag in aghaidh na seachtaine) an Aontais a laghdú. I ndiaidh dhíospóireachta fhada theasaí, fágadh an rún, agus leanfaidh TCDSU ar aghaidh leis an ríomhphost a sholáthar ar bhonn dátheangach le hOifigeach na Gaeilge, Cúnla Morris.

I measc na mac léinn, tá saol na hollscoile anois mar dhíospóireacht fhada mhalltriallach ar chúrsaí airgeadais. Toisc staid an mhaoinithe sa Choláiste seo agus i gcoláistí ar fud na tíre, tá an díospóireacht seo ríthábhachtach – agus má fhanann an ghéarchéim mar atá, beidh ar an chomhrá leanúint ar aghaidh.

ADVERTISEMENT

Tá an cheist áirithe seo, áfach, mar chuid de dhíospóireacht eile nach bhfuil chomh práinneach, a théann siar níos faide i stair na hÉireann – is é sin luach na Gaeilge. Tá an comhrá seo, do gach cineál cainteora, ag iarraidh níos tuirsiúla lá i ndiaidh lae. Óna chur i láthair mar údar conspóide bhréige sna díospóireachtaí teilifíse, go dtí a cháineadh laethúil i leathanaigh agus sna rannóga tráchta ar fhoilseacháin ar líne, tá blas diúltach ag éirí níos feiceálaí sa dioscúrsa ar ár dteanga náisiúnta, agus freagracht á cur ar chainteoirí seasamh leis an teanga agus meas a éileamh dá gceart bunúsach chun a saolta a chaitheamh trí mheán a bpríomhtheanga, agus príomhtheanga an Stáit. Déantar nasc idir an dioscúrsa seo agus tionchar an iarchoilíneachais ar chaidreamh na nÉireannach lena gcultúr féin – ach tá an gné seo ag fás le blianta beaga anuas, in éineacht le fás ag teacht ar an teanga i gcomhthéics ar nós na Gaelscolaíochta.

Cé go raibh cuma neafaiseach uirthi, bhí raic na seachtaine seo caite comharthach ar an easpa ómóis a thugtar don Ghaeilge ar na saolta seo. I measc na n-argóintí a rinneadh in éadan na míre, dúradh gur seirbhís “riachtanach” is ea í seo ón Aontas. Ach ní chaithfear an argóint a shíneadh chomh fada sin. Gné tá níos suntasaí faoi seo, ná cé chomh bunúsach is atá seirbhís dá leithéid. Más rud é nár chóir d’Oifigeach na Gaeilge (a bhfuil freagracht bhunreachtúil acu freastal ar riachtanais chainteoirí Gaeilge an Choláiste) ríomhphost atá mar cheann de na pointí teagmhála amháin idir an Aontas agus roinnt mhaith dá mhic léinn atá ag éirí níos scoite amach uaidh lá i ndiaidh lae, a chur ar fáil as Gaeilge, is fiú ceistiú – cad é atá le déanamh acu?

Tá blas diúltach ag éirí níos feiceálaí sa dioscúrsa ar ár dteanga náisiúnta

Tá sé go hiomlán fóirsteánach go mbeadh aontas na mac léinn in ollscoil stat-maoinithe ar fáil dá mhic léinn trí mheán phríomhtheanga oifigiúil an Stáit. Ar an drochuair, spreagann ráiteas mar sin easaontú de ghnáth – deirtear nach í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre, go raibh an fhoráil seo míchruinn ar an chéad dul síos, agus ina uirlis pholaitiúil chun cultúr na hÉireann a scaradh ón Bhreatain freisin. Tá ciall leis an dara argóint – tá fosta leis an chéad cheann, má ghlactar leis go raibh sé de rún ag Airteagal 8 réaltacht teanga na tíre i 1937 a léiriú. Is cruinne, áfach, a aithint gur foráil aidhmeannach a bhí inti. Ní raibh réaltacht mhalartach a thaispeáint, ar thír aonteangach a labhair Béarla go drogallach nuair a bhí gá leis. Dhaingnigh ceapadh na Gaeilge mar phríomhtheanga na tíre dualgas an Stáit úir chun meas a thabhairt don ghné is tábhachtaí den chultúr náisiúnta i dtír ar bith, agus chun an neamhaird a tugadh ar an teanga go stairiúil a chúitiú.

Ní radacadh an tuairim gur chóir do TCDSU bheith chomh huaillmhianach ina bheartas. Ní féidir a rá go bhfuil pobal na mac léinn, ná a n-aontais ionadaíocha, neamhchleachtach ar an choincheap seo, os rud é go raibh ról acu sna mórghluaiseachtaí polaitíochta ar fad in Éirinn le blianta. Níl aon údar bheith ag ceapadh nár chóir dóibh bheith chun tosaigh i bhfeiceálacht na Gaeilge, atá bunúsach i saol teanga ar bith.

Níos tábhachtaí fós ná a ghné uaillmhianach, aithníonn an dualgas bunreachtúil atá ag TCDSU (agus ag Éirinn) réaltacht dhosheachanta – tá cainteoirí Gaeilge ann. Tá daoine ar an Choláiste seo a tógadh go dátheangach, nó fiú go haonteangach ag tús a saolta. Is í an Ghaeilge a bpríomhtheanga dhúchais, agus mura dtugann ollscoil stát-maoinithe an leibhéal aitheantais is bunúsaí don réaltacht seo, tá ag teip uirthi a dualgas do na mic léinn sin a chomhlíonadh.

Tá daoine ar an Choláiste seo a tógadh go dátheangach, nó fiú go haonteangach ag tús a saolta. Is í an Ghaeilge a bpríomhtheanga dhúchais

Tá neart daoine eile, cé nár tógadh iad trí mheán na Gaeilge, a labhraíonn í ar bhonn laethúil. Ceapann cuid acu gur gné ríthábhachtach é seo dá bhféiniúlacht Éireannach – ceapann roinnt eile nach é ach cuid dá saol laethúil, gan chúis mhór taobh thiar di. Anuas air seo, tá cuid mhaith i measc phobal an Choláiste (agus ar fud na tíre) a bhfuil fonn orthu cur lena gcumas Gaeilge, nó é a fháil ar ais – tugann ríomhphost simplí dátheangach a shonraíonn cúrsaí seachtainúil an choláiste, rud a normálaíonn an teanga trína feiceálacht, deis do na daoine seo bheith i mbun na Gaeilge go furasta.

Ardaítear pointe tábhachtach eile anseo. Gan trácht ar chaidrimh aonair léi, tá an Ghaeilge lárnach i bhféiniúlacht leathan na hÉireann. Ní sin le rá go bhfuil duine níos Éireannaí de bharr cumas sa teanga, nó nach bhfuil duine eile chomh Éireannach de dheasca a n-easpa Gaeilge. Ach bheadh sé mí-ionraic, má ghlactar leis go bhfuil féiniúlacht chultúrtha tábhachtach dár bhféiniúlacht ghinearálta, le ceapadh nach bhfuil meas ná cosaint tuilte ar theanga dhúchais na háite. Tá gnéithe eile de chultúr agus féiniúlacht thíre níos solúbtha – múnlaíonn lucht an údarais an scéal náisiúnta, agus thig leo amhráin agus bratacha úra a roghnú chun na hathruithe seo a mhachnamh agus a dhaingniú. Tá teanga, mar shamhail bheo orgánach ar fhéiniúlacht áite agus a muintire, níos lárnaí agus níos bunúsaí mar chuid de chultúr ná mar atá siombailí cumtha áisiúla.

B’fhéidir go bhfuil an argóint seo measartha iomarcach i gcomhthéacs aistriúcháin simplí ar ríomhphost aontas mhic léinn. Ach bhí díospóireacht na seachtaine seo caite mar chomhartha eile ar thróp atá ag iarraidh níos coitianta, ina gcaithfidh cainteoirí Gaeilge éileamh ar an chosaint is bunúsaí do ghné tábhachtach dúchasach de chultúr na tíre seo. Ní cur amú é ar chor ar bith cosaint simplí míchostasach a thabhairt don teanga.

Os rud é go raibh mionsonra mar seo chomh conspóideach agus faoi iniúchadh ag an chruinniú, i measc an fhíorchaiteachais suntasaigh a dhéanann an t-Aontas, is léir go bhfuil níos mó le déanamh, ar an Choláiste seo agus ar fud na tíre, chun dioscúrsa agus dearcadh an phobail ar an ghné is bunúsaí de chultúr na hÉireann a bhogadh ar aghaidh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.