Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 19, 2018

Ba Chóir go dTuigeann Oifigeach Aontais Cúis na gCeardlanna Toilithe

I dtír atá fós ag streachailt lena cur chuige i leith ghnéis, caithfear oideachas a chur ar fáil do dhaoine óga ar chastacht an toilithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Mhaithfí duit dá gceapfá go raibh an díospóireacht ar cheardlanna toilithe críochnaithe. Ag deireadh na dála, chaith polaiteoirí náisiúnta – agus ní sin an dream is forásaí – go fáiltiúil le huachtaráin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn nuair a d’iarr siad ar níos mó maoinithe d’oideachas toilithe.

Níos lú ná mí ó shin scríobh an Bord Eagarthóireachta seo gur “léir ó rath na ranganna toilithe nach féidir áitiú le fírinne gur drochsmaoineamh iad.”

Ach cé gur cosúil go bhfuil gá follasach le ranganna toilithe éigeantacha – i ré ina fheictear go minic go bhfuil tuairimí cúlánta i leith gnéis in Éirinn fós – ní léir sin do gach duine.

ADVERTISEMENT

Dúirt Aisling Fagan, an Leas-Uachtarán Leasa agus Comhionannais le hAontas na Mac Léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCUSU), go bhfuil ranganna toilithe éigeantacha “ag teacht salach ar thoiliú”, agus nach gcuirfear a leithéid i bhfeidhm in DCU fhad is atá sí i gceannas.

Is follas do chách nach dtuigeann Fagan tábhacht ranganna toilithe éigeantacha. Ag an staid seo, tá sé ríthábhachtach daoine óga a theagasc maidir le toil, go háirithe agus na hiarchreathanna fós le braistint ón triail éignithe is mó le blianta anuas. Comh maith leis sin, is ciallmhar ceardlanna toilithe a úsáid mar oideachas luachmhar ar ghnéas do mhic léinn na hÉireann – go háirithe le heaspa tionscamh da leithéid ag bunleibhéal agus ag meánleibhéal.

Nuair a chuimhnítear go ndearnadh ciapadh leanúnach ar mhic léinn ag cruinniú cumainn ina ollscoil féin le déanaí, tá áitiú Fagan – go dtagann éigeantacht salach ar thoiliú – níos mearbhlaí fós.

Is í an fhírinne lom ná, mura bhfuil ranganna toilithe éigeantach, ní féidir na daoine a bhfuil na ranganna uathu a mhealladh – agus is í sin an phríomhargóint ar son a n-éigeantachta. Ba chóir go mbeadh sé seo ar eolas ag Fagan, agus í páirteach sna ceardlanna i DCU i mbliana.

Ar dhomhan foirfe, ní bheadh ceardlanna toilithe éigeantacha ag teastáil. Ar an domhain seo, áfach, tá siad riachtanach.