Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 12, 2018

Caint Trumpach Anois in Úsáid i gCáineadh na Nuachtán Ollscoile

Cuireann lucht cáinte mheáin na Tríonóide fear áirithe, atá in ainm deistín a chur orainn ar fad, i gcuimhne.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Chonacthas dhá shampla le 12 mhí anuas den chinéal cáinte domlasta do na meáin atá curtha chun cinn i mbéal an phobail ag Donald Trump.

Má tá cuma bhagrach ar an abairt sin, is fiú cur i gcuimhne go raibh na dosaein feachtasóirí i rith thoghcháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide nár chreid liomhain faoi chiapadh gnéis i gcoinne iarrthóra. Ní hamháin go raibh daoine sásta rúin comhcheilge folaithe a lua – baineadh úsáid as frása Trump, “nuacht bhréagach”.

Nuair a foilsíodh cuntais Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide 2017/8 an tseachtain seo caite, ba dheacair idirdhealú a dhéanamh idir cáineadh dlisteanach maidir leis an bpáipéar agus an seanrá Trump a luaigh sé i gcomhthéacs an New York Times, ná go raibh The University Times “ag teip”. Rinne tráchtairí faoi leith cur síos ar an bpaipéar ag rá go bhfuil sé neamhbhrabúsach, i ngan fhios dóibh nach comhlacht phoiblí í The University Times agus nach bhfuil tábhacht ag baint le brabús.

ADVERTISEMENT

Ní cúis gháire é chun friotal Trumpach a chloisteáil laistigh de bhallaí an champais, a mheastar gurb é an campas is liobrálaí in Éirinn, go háirithe i rith seachtaine nuair atá Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide amhrasach maidir le todhchaí eacnamúil The University Times.

The University Times cleachtaithe le cáineadh. Agus bheadh sé áiféiseach, i gcás nuachtáin atá brodúil as daoine eile a choinneáil cuntasach, col a ghlacadh le daoine ag clamhsán fúinn.

In ainneoin go bhfuil cáineadh dlisteanach i gceist ar uairibh, is minic a dhéantar an cáineadh seo a shainiú i dtearmaí cnáiteacha a thagann chun cinn trasna na farraige. Inseoidh aon teoiricí polaitiúil duit ní hamháin go bhfuil na nuachtáin tairbheach don daonlathas, ach riachtanach dó freisin. Oireann seo do Choláiste na Tríonóide chomh mhaith le gach áit eile.

It áiteanna eile, tá na daoine a thuigeann ról tabháchtach na nuachtán i ngach pobal anois ag tabhairt tacaíochta láidre do na hinstitiúidí seo. Is fiú ceistiú cén fáth nach bhfuil a leithéid ag tarlú anseo.