Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 11, 2018

Céimithe Cógaisíochta na Tríonóide chun Obair in Aisce

Téann drochbhail na mac léinn cógaisíochta, faraor, níos faide na campas an Choláiste seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ó bunaíodh Tionscadal Oideachais na Tríonóide, tá frásaí ar nós “tréithe na gcéimithe” agus íomha an mhac léinn foirfe forleathan. Dar leis an Choláiste, is duine cumasach anailíseach é an mac léinn seo a chuirfidh go mór le cibé comhlacht nó eagraíocht a rachaidh sé leo. De réir dealraimh, caithfidh an duine seo bheith sásta fosta a fhostaíocht a dhíluacháil agus iad ag obair in aisce i bpost lán-aimseartha.

Ar a laghad, is deacair gan an ciall seo a bhaint as ról an Choláiste i gclár a chaitheann le mic léinn cógaisíochta mar fhoinse oibre in aisce. I 2015, tháinig trí scoil chógaisíochta na tíre le chéile chun teagasc na cógaisíochta in Éirinn a bheachtú. Leis seo, cuireadh máistreacht comhtháite ar chostas €9,000 i bhfeidhm, agus cuireadh cosc ar íocaíocht do mhic léinn le linn an bhliain shocrúchán oibre. Bhí sé de rún aige seo claonadh a bhaint den chóras, agus an caidreamh idir fostóir agus fostaí a athrú go dtí caidreamh idir mac léinn agus maoirseoir.

Cé gur sprioc uasal é seo, beidh ar mhic léinn obair go lán-aimseartha, agus gearrfar píonós orthu má ghlacann siad le híocaíocht as.

ADVERTISEMENT

Ar an drochuair, agus mic léinn cógaisíochta ag cáineadh go poiblí an bhrú airgeadais atá orthu, is léir go bhfuil mí-úsáid na mac léinn eolaíocht shláinte forleathan fairsing inniu.

Tá altraí, teiripeoirí radaíochta, teiripeoirí saothair agus neart eile anois ag cur in iúl nach mbaineann na deacrachtaí seo le mic léinn na cógaisíochta amháin, ach go dtarlaíonn an drochíde seo d’oibrithe bunleibhéil ar fud na hearnála.

Agus an Taoiseach é féin ag moladh réitigh do liostaí fada feithimh agus plódú na n-otharlann – ná go ndéanfadh altraí agus comhairleoirí níos mó oibre – is léir go dtéann an fhadhb seo níos faide na campas an Choláiste seo.

Cé gur chóir fáilte a chur roimh tacaíocht Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide do mhic léinn na cógaisíochta, más rud é go bhfuil Coláiste na Tríonóide chun na sárchéimithe seo a chur amach, tá athrú bunúsach de dhíth inár ndearcadh ar obair na mac léinn seo agus a luach don sochaí.