Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 5, 2018

Easpa Trédhearcachta in Ainneoin an Mhaoinithe atá ag DUCAC

Tá an dreach ar an scéal go gcreideann baill DUCAC nach mbaineann na rialacha céanna leo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dóibh siúd a bhí ag éisteacht ag cruinniú cinn bhliana Chlub Luthchleasa an Choláiste (DUCAC) – agus ní raibh mórán ag éisteacht – ba léir nár thuig an chuid is mó de lucht an chlub conas a ritear an eagraíocht.

Cé gur tháinig an cruinniú cinn bliana salach ar bhunreacht DUCAC, agus go raibh cuma réamhshocraithe thorthaí na dtoghchán, níor baineadh geit astu siúd a bhí i láthair ar an oíche.

Ó shin, léirigh The University Times gur cuireadh laghdú buiséid i bhfeidhm do chlubanna spóirt, le hArdchisteoir DUCAC Brian Ó Ruairc ag maíomh go raibh orthu na laghdaithe a chur i bhfeidhm mar gheall ar athrú ó bhuiséid 140% go buiséid 100% a thabhairt mar thoradh ar róchaiteachas na gclub.

ADVERTISEMENT

Le leitheoireacht chuimsitheach orthu, bheadh duine ar bith amhrasach faoi na cuntais a cuireadh i láthair ón gcruinniú cinn bhliana agus faoin chaoi a ndéanann DUCAC a airgead a bhainisitiú – tá níos mó airgid á fháil acu ón gColáiste ach tá níos lú maoinithe á thabhairt go dtí clubanna éagsúla. Is cinnte nach tasc éasca é cuntasaíocht a dhéanamh do 50 club, go háirithe agus na hollscoileanna ag fulaingt mar atá, ach is fiú ceist a chur faoin loighic taobh thiar den dáileadh.

Is é an cruinniú cinn bhliana an t-aon deis atá ag clubanna an Choláiste chun DUCAC a cheistiú, ach nuair a rinne Diego Coyle Diez (captaen an Chlub Boghdóireachta) amhlaidh, fuair sé cáineadh contráilte ó chathaoirleach DUCAC Donagh McDonagh.

Is fiú fiosrú cén fáth an bhfuil DUCAC chomh doicheallach i gcoinne freagrachta. Is é ceann den chúig eagraíocht a fhaigheann airgead ón gColáiste – níl aon chúis go mbeadh rialacha difriúla do DUCAC ná, mar shampla, mar atá d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) – eagraíocht a fhaigheann i bhfad níos lú maoinithe.

Tá an dreach ar an scéal, áfach, go gcreideann baill DUCAC nach mbaineann na rialacha céanna leo. Bhí ar The University Times, mar shampla, iarratas saoráil faisnéise a úsáid chun cuntas DUCAC a fheiceáil, cé gur chóir dóibh bheith poiblí dar leis an gColáiste.

Le dhá bliain anuas, tá DUCAC tar éis bheith bainteach le conspóid i ndiaidh conspóide. Is gá dá bhaill na fadhbanna seo a aithint agus athruithe a chur i bhfeidhm láithreach.