Radius
Nov 12, 2018

Oidhreacht Cheilteach á Ceiliúradh ar Champas

Is seanfhéile phagánach í Samhain, a tháinig chun cinn nuair a bhailigh na Ceiltigh le chéile chun aos-sí a dhíbirt.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Dominic McGrath for The University Times

Tá an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide ag déanamh ceiliúrtha ar Shamhain agus tugann siad cuireadh daoibh freastal ar an ócáid Dé Máirt, 13ú Samhain.

Is seanfhéile phagánach í Samhain, a tháinig chun cinn nuair a bhailigh na Ceiltigh le chéile chun aos-sí a dhíbirt. Chomh maith leis sin, is léiriú é Samhain go bhfuil deireadh tagtha leis an bhfómhar agus tús tagtha leis an nGeimhreadh. Bhuaigh Samhain duais don chomhócáid is fearr ó Lárchoiste na gCumann (CSC) an bhliain seo caite.

Chun tús a chur leis an lá tá Ceardlann Choróin Duilleoige á reachtáil ag an gCumann Gaelach agus TCD Botanical Society ó 1 go 2 i Seomra Eliz, i dTeach 6. Ná bí buartha muna bhfuil suim agat i gcoróin! I ndiaidh an Cheardlann Choróin Duilleoige tá Ceardlann Laindéar agus Ceardlann Masc ar siúl ó 3 go 5 i Trinity Arts Workshop ag 191 Sráid an Phiarsaigh.

ADVERTISEMENT

Níl gá go mbeadh scileanna ealaíona iontacha ag teastáil uait chun bheith rannpháirteach san ócáid seo: beidh canadh binn le cloisteáil i Seomra na Gaeilge ó 3 go 5 agus seisiún Sean Nós ar siúl ag TradSoc.

Tógaigí bhur gcoróin, bhur laindéir agus bhur maisc libh go dtí Seomra na Gaeilge ag a 7 Beidh an seoma maisithe le laindéir éagsúla agus beidh atmaisfeár draíochtúil le braistint san aer. Seinnfear ceol, léifear filíocht agus canfar amhráin i Seomra na Gaeilge. Cuirfear fíon agus soláistí eile ar fáil i ndiaidh seo.

Ag deireadh an lae ar fad, tá ceolchoirm ar siúl sa Wiley Fox le TradSoc agus Manus Ó Maoileoin (DJ) ag tosnú ag 9. Bhí gach imeacht go dtí seo saor in aisce agus an tá costas 5 euro ar thicéad don Wiley Fox.

Imeacht cruthaitheach ráthúil a eagraíodh idir na cumainn anuraidh, agus is amhlaidh an scéal don Mháirt seo. Faigh amach duit féin agus tú leo ar thuras spioradálta, cultúrtha ealaíonta chuig an domhan neamhshaolta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.